Cuireann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach an léacht tionscnaimh, Giving Voice: Antigone and the dishonoured dead, i láthair mar chuid den chlár imeachtaí Laureate le haghaidh 2015.
Is carachtar i ndráma Gréagach í Antaiginé atá ag impí go bhfaigheadh a deartháir Polynices, reibiliúnach i gcoinne an stáit, adhlacadh ceart. Féachtar sa chéad léacht seo de shraith trí léacht Laureate ar an dráma le Sofaicléas d’fhonn ról ghlór na mban i saol na hÉireann a phlé, agus cad atá i gceist le bheith ag impí ar son na marbh náirithe.
Tabharfar an léacht i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh:
7in, 12 Samhain 2015
Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dawson, Baile Átha Cliath 2
Tá saorchead isteach ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré trí EVENTBRITE .
6in, 19 Samhain 2015
Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bóthar an Iarthair, Corcaigh
Tá cead isteach saor in aisce ar an lá
Is í Anne Enright an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir uirthi go luath sa bhliain 2015. Cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagfaidh sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus ó The Irish Times.
Á chur i láthair i gcomhar le UCD agus UCC