Tá an scéim seo á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á riar ag Visual Artists Ireland.
Cuireann Visual Artists Ireland, thar ceann na Comhairle Ealaíon, fáilte roimh iarratais ar dheontas suas le €30,000 ar a mhéad i dtreo costais reatha spásanna oibre físealaíontóirí. I gcomhréir le doiciméad beartais na Comhairle Ealaíon Visual Artists’ Workspaces in Ireland – A New Approach (DOC, 0.18 MB), tá sé mar aidhm leis an scéim seo cabhrú le spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht is fearr agus is féidir a sholáthar d’fhísealaíontóirí atá i mbun oibre agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú d’fhísealaíontóirí cónaitheacha.
Dámhfar deontas suas le €30,000 faoin scéim i dtreo costais reatha amhail solas, teas, cíos, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha bhainistíochta. (Ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil tríd an scéim seo.)
Tuilleadh eolais
Déan tagairt do www.visualartists.ie chun Treoirlínte Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí agus Foirm Iarratais ar líne a fháil.
Spriocdháta
Is é 5pm Déardaoin, an 4 Meán Fómhair 2014 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Sonraí teagmhála
Niamh Looney
Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2013
Visual Artists Ireland
Central Hotel Chambers
7/9 Cúirt an Dáma
Baile Átha Cliath 2
T: 01 6729488
Ríomhphost: niamh@visualartists.ie