Fógra maidir le Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa 2022
 |
Fáilteofar roimh iarratais le haghaidh babhta nua de Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa ón 25 Eanáir agus beidh an spriocdháta ar an 24 Feabhra ar 5.30pm.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa seo ná cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacú leo. Tá an scéim dírithe go sonrach ar ealaíontóirí damhsa ag obair i gcomhpháirt le hionad ealaíon, le féile agus/nó le húdarás áitiúil (tá údarás áitiúil éigeantach do shnáithe 1). Baineann dhá shnáithe leis an scéim seo.
Snáithe 1: Cónaitheachtaí iomlána
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo:
- Cleachtas damhsa gairmiúil agus damhsa sa phobal a chobhsú i gcomhthéacsanna réigiúnacha éagsúla
- Deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtais féin
- Deiseanna a sholáthar d’údaráis áitiúla agus d’ionaid ealaíon cleachtas damhsa a fhorbairt ina gceantair féin
- Forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha damhsa a spreagadh.
Snáithe 2: Cónaitheachtaí gearrthéarmacha
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo:
- Tacaíocht a thabhairt do chónaitheachtaí gearrthéarmacha le féile, le hionad ealaíon nó le heagraíocht ealaíon
- Deis a thairiscint chun comhar a bhunú agus an áit damhsa a fhorbairt le spriocghrúpa daoine
- Cleachtas damhsa gairmiúil agus pobail a chobhsú i gcomhthéacsanna réigiúnacha éagsúla
- Deis a sholáthar do chohóirt nua daoine le rochtain a fháil ar dhamhsa ardchaighdeáin.
- Deis a bheith ann do mheantóireacht le healaíontóirí damhsa cónaithe bunaithe.
Beidh treoirlíne nua ar fáil don scéim seo ar an leathanach Cónaitheacht Ealaíontóirí Damhsa ar ár suíomh gréasáin sna seachtainí amach romhainn.
 |
|