Scéim Ensembles na nÓg 2015
 |
Is mian le foireann réimse na nDaoine Óga, Leanaí agus an Oideachais a chur in iúl go nglacfar le hiarratais do Scéim Ensembles na nÓg 2015 ón Mháirt an 10 Márta 2015 maidir le tionscadail a bheidh ar siúl idir Iúil 2015 agus Meitheamh 2016. Is é príomhchuspóir na dámhachtana sin ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir 12 agus 23 bliana d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, téatar, litríocht, na físealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó i ngrúpaí nó in ensembles. Is é an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €10,000. Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2015 ná Déardaoin an 9 Aibreán 2015 ag 5:30 p.m.
Tuilleadh faisnéise Tá na treoirlínte maidir le Scéim Ensembles na nÓg 2015 ar fáil le híoslódáil anseo. Má tá tuilleadh faisnéise uait, téigh i dteagmháil le Karen Whelan, an Cúntóir i leith réimse na nDaoine Óga, Leanaí agus an Oideachais, ag 01 619 7805 nó Karen.whelan@artscouncil.ie
 |
|