Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil 19 saothar nua curtha aici lena Bailiúchán a gheobhaidh lucht féachana ar fud na tíre deis a fheiceáil. Is iad na healaíontóirí a bhfuil a saothar curtha leis an mBailiúchán ná Sven Anderson, Eamon Doyle, Rachel Fallon, Ruth Le Gear, Marielle MacLeman, Vukašin Nedeljković, Séamus Nolan, Miriam O’Connor, Doireann O’Malley agus Vagabond Reviews.
Cuirfear na saothair ealaíne seo leis an mbreis is 1,100 saothar ealaíne nua-aimseartha agus comhaimseartha na hÉireann sa Bhailiúchán agus is iad seo na cinn is déanaí atá curtha le nós fada na Comhairle saothar ealaíne uaillmhianach den scoth a cheannach a léiríonn cleachtas na n-ealaíontóirí atá ag obair in Éirinn i láthair na huaire.
I measc na saothar tá dealbhóireacht, grianghrafadóireacht, suiteálacha físe agus ilmheán agus tógadh na míreanna nuacheannaithe ón speictream cleachtais amharcealaíon comhaimseartha ar fad agus beidh siad ar fáil don phobal ar fud na tíre mar chuid de chlár leanúnach Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon de thaispeántais, iasachtaí agus tionscadail.
Liosta de na saothair a fuarthas:
Sven Anderson, When I go home, I cut through, 2018
Eamon Doyle, Untitled 4 from the series i, 2013
END. Box, 2015
Rachel Fallon, Aprons of Power, 2018
Ruth Le Gear, Drop, 2018
Marielle MacLeman, The streets, our brushes, 2019
Armand’s Carpet, 2019
Vukašin Nedeljković, Athlone DP Centre, Baile Átha Luain (2), (ón gCartlann Tearmainn 2012-2016)
The Towers DP Centre, Baile Átha Cliath (1) (ón gCartlann Tearmainn 2012-2016)
New light House DP Centre, Baile Átha Cliath (2) (ón gCartlann Tearmainn 2012-2016)
Seamus Nolan, 10th President
Miriam O’Connor, Untitled from Tomorrow is Sunday, 2015
Untitled from Tomorrow is Sunday, 2018
Untitled from Tomorrow is Sunday, 2019
Untitled from Tomorrow is Sunday, 2018
Untitled from Tomorrow is Sunday, 2016
Untitled from Tomorrow is Sunday, 2016
Doireann O’Malley, Prototypes, (I & II Quantum Leaps in Trans Semiotics through Psycho-Analytic Snail Serum & The Institute), 2018
Vagabond Reviews, Scientia Civitatis: Missing Titles, 2014/2015