Ón 2-4 Márta sa Cheoláras Náisiúnta, beidh tionscnamh mór comhpháirtíochta idir RTÉ, an Ceoláras Náisiúnta agus an Chomhairle Ealaíon, Nuacheol Bhaile Átha Cliath, ar bun ina gcuirfear i láthair cumadóireacht ceoil agus nuacheol idirnáisiúnta agus Éireannach den scoth.
Ag féile na bliana seo, a chuirfear ar bun leis an gcumadóir, stiúrthóir agus pianódóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Thomas Adès, agus a bheidh ar siúl idir Déardaoin agus Dé Sathairn, an 2-4 Márta 2017, stiúrfaidh Adès Ceolfhoireann Choirme RTÉ le haghaidh an chéad léirithe ceolchoirme Éireannaigh de cheoldráma nua le Gerald Barry, Alice’s Adventures Under Ground, a comhchoimisiúnaigh ceolfhoireann fhiolarmónach Barbican, Britten Sinfonia agus Los Angeles le gairid.
Dúirt Thomas Adès ag labhairt faoin bhféile:
“Tá ríméad orm a bheith ag obair le Gerald Barry, cara atá ag obair liom le fada an lá, ar chlár bríomhar ceoil dar liom le haghaidh Fhéile Nuacheoil Bhaile Átha Cliath 2017. Is rímhaith a thuigim an tallann ceoil atá in Éirinn agus táim ag tnúth go mór le filleadh ar Bhaile Átha Cliath chun comhoibriú agus seinm le sár-chumadóirí, ensembles, ceolfhoirne agus taibheoirí. Tá téama guthach agus ceolfhoirneach ag féile na bliana seo den chuid is mó agus tá áthas faoi leith orm a bheith ag stiúradh an chéad léirithe Éireannaigh de cheoldráma nua Barry, Alice’s Adventures Under Ground.”
I mbuaicphointe ar leith do dhaoine ar breá leo amhránaíocht bhreá, stiúrfaidh Adès freisin Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ le haghaidh an chéad léirithe Éireannaigh dá shárshaothar guthach eipic Totentanz le réalta ceolfhoirneach idirnáisiúnta: an baratón tarraingteach Simon Keenlyside (atá díreach tar éis Don Giovanni a chanadh sa Met i Nua-Eabhrac), agus an meánsoprán clúiteach ón Ollainn Christianne Stotijn.
Ina theannta sin, beidh Adès ar stáitse mar phianódóir ag oíche cheol uirlise le príomh-ensemble nuacheoil na hÉireann, Crash Ensemble, le clár ina mbeidh Lisbon le Gerald Barry agus Living Toys, le Adès, faoi stiúir an stiúrthóra atá ag comhoibriú Adès le fada fíorach an lá, Timothy Redmond.
Beidh an chéad taibhiú domhanda de thrí shaothar mar chuid den fhéile freisin: Jerk le Stephen Gardner agus dhá choimisiún nua de chuid RTÉ, saothar nua ceolfhoirneach le Ed Bennett (Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ) agus Four Lines of Music Slow Down and Eventually Stop le Seán Clancy (RTÉ Contempo Quartet). Feicfear saothair leis na cumadóirí Karen Power, Yoko Ono agus Cat Lam freisin i dtaibhithe le Quiet Music Ensemble.
Cuirfear tús freisin in 2017 le Club Fhéile Nuacheoil Bhaile Átha Cliath le roinnt taibhithe neamhfhoirmiúla, le Crash Ensemble agus Kirkos, agus tráthnóna faoi choimeádaíocht shárshraith salóin Bhaile Átha Cliath, Kaleidoscope. Craolfar roinnt ceolchoirmeacha beo ar Lyric fm RTÉ, agus fillfidh na ceolchoirmeacha duine ar dhuine, a bhfuil ag éirí thar cionn leo agus a mholtar go hard dar leis The Irish Times, mar Phortráidí Beaga Bídeacha i Seomraí Beaga Bídeacha, á dtaibhiú ag Crash Ensemble, áit a bhfaighidh lucht éisteachta, lena n-áirítear teaghlaigh agus leanaí, deis cosán a leanúint timpeall ar an gCeoláras Náisiúnta, áit a bhfeicfidh siad taibhithe i seomraí i bhfolach. (Beidh na gníomhaíochtaí go léir tráthnóna Dé Sathairn, an 4 Márta saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.)
Tugann an fhéile deis d’amhránaithe agus do lucht éisteachta a bheith páirteach i máistir-ranganna gutha nó díreach féachaint orthu, a bheidh á stiúradh ag na réalta idirnáisiúnta Simon Keenlyside agus Christianne Stotijn, á gcur i láthair i gcomhar leis an Opera Theatre Company.
Faisnéis agus áirithintí anseo