Mar is gnáth cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir le maoiniú an AE le haghaidh cultúir. Téigh i dteagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie
Bronnadh os cionn €1.4m ar CREATE sa chéad bhabhta de thacaíocht do shnáithe Thionscadail Chomhoibrithe na hEorpa ó fho-chlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí
D’éirigh go maithe le CREATE, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach, i gcomhiarratas na hEorpa Cruthaithí le heagraíochtaí comhpháirteacha Eorpacha. Tá an togra uaillmhianach le heagraíochtaí ealaíon sa Ríocht Aontaithe, san Ungáir, sa Spáinn, san Fhionlainn agus sa Ghearmáin ina thogra ceannródaíoch d’eagraíocht ealaíon Éireannach, toisc gurb é seo an méid maoinithe is mó a fuarthas ó chistí cultúrtha Eorpacha do thionscadal faoi cheannas eagraíocht chultúrtha Éireannach. Bronnadh os cionn €1.4m ar an togra chun comhpháirtíocht ar fud na hEorpa a bhunú chun deiseanna gairmiúla agus oiliúint d’ealaíontóirí comhoibritheacha a bhreisiú. Cuirfidh an Clár Comhpháirtíochta Ealaíon COLLAB (CAPP) tús le clár trasnáisiúnta uaillmhianach le seachadadh thar thréimhse 46 mí. Léigh an scéal iomlán anseo.
Áirítear le heagraíochtaí Éireannacha eile ar éirigh leo mar chomhpháirtithe in iarratais faoi thionscadail chomhoibrithe mhórscála Baboró – Féile Idirnáisiúnta do Pháistí (Gaillimh) as Small Size, Performing Arts for Early Year; Coláiste na Tríonóide as European Digital Art and Science Network agus Comhairle Cheardaíochta na hÉireann as Ceramics and its dimensions.
Sa snáithe do thionscadail chomhoibrithe ar scála níos lú, d’éirigh le hInstitiúid Teicneolaíochta Luimnigh mar rannpháirtí in Symbols – Culture of Death & Cultural Life: New audiences and creations around European Cemeteries.
Is comhpháirtí rathúil iad Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath faoin snáithe Tacaíocht le hArdáin Eorpacha i dtogra faoi cheannas Aerowaves (an Ríocht Aontaithe). Gréasán Eorpach atá in Aerowaves a thugann speisialtóirí damhsa agus cóiréagrafaithe agus compántais nua le chéile ó 35 tír chun taibhithe agus cur i láthair a dhéanamh ar fud na mór-roinne agus ag a bhféile Spring Forward in Aibreán.
Is féidir na torthaí ar fad d’iarratais ar fhochlár cultúir na hEorpa Cruthaithí a fheiceáil anseo.
Atelier le haghaidh Bainisteoirí Féile Óga (Béiriút) 21-27 Márta 2015: tá an spriocdháta curtha siar go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014
Tá an spriocdháta don Atelier Eorpach le haghaidh Bainisteoirí Féile Óga, Béiriút 2015 curtha siar chun deis a thabhairt do níos mó bainisteoirí féile óga iarratas a dhéanamh. Tugtar cuireadh do bhainisteoirí féile óga as gach cearn den domhan iarratas a dhéanamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014. Beidh an Atelier ar siúl ón 21 go dtí an 27 Márta 2015 i mBéiriút na Liobáine.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil anseo.