Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 22 Feabhra 2015 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinic faisnéise in Áras na Scríbhneoirí roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.

Tionólfar an chlinic Dé Céadaoin, an 14 Eanáir ag 7pm in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1.
Pléifear na topaicí seo a leanas ag an gclinic:
- Cuspóir na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
- Cé hiad na daoine agus cad iad na tionscadail atá incháilithe
- An próiseas iarratais - seirbhísí ar líne
- An fhoirm iarratais
- Ábhar tacaíochta riachtanach
- Buiséid
- An próiseas measúnaithe
- Téarmaí agus coinníollacha
- Botúin choitianta a chaithfear a sheachaint
- Ceisteanna agus freagraí
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an Dámhachtain Sparánachta Litríochta, féach ar an rannán maidir leis an maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon ar 01 6180200 nó ag an seoladh ríomhphoist seo: info@artscouncil.ie
Áit a chur in áirithe ag an gclinic
Tá áiteanna sa chlinic saor in aisce ach ní mór do rannpháirtithe a bhfreastal uirthi a chur in iúl do jennifer.lawless@artscouncil.ie idir Dé Luain, an 5 Eanáir 2015 agus Dé hAoine, an 9 Eanáir 2015.
Maidir leo siúd nach mbeidh ábalta freastal uirthi
Beidh cóip den chur i láthair ón gclinic ar fáil ón gComhairle Ealaíon ó Déardaoin an 15 Eanáir ar aghaidh. Chun cóip den chur i láthair a iarraidh, seol ríomhphost chuig Jennifer Lawless ag Jennifer.lawless@artscouncil.ie.