Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2 ón 12 Meitheamh 2018. Is é 5.30 pm, Déardaoin, 12 Iúil 2018 an spriocdháta don scéim.
Tabhair faoi deara: Beidh dhá shraith ag Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon:
Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí)
Sraith 2 (Coimeádaithe)
Beidh Sraith 2: Coimeádaithe mar chuid de Dhámhachtain na nAmharc-ealaíon mar gur cinneadh stop a chur leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Amharc-Ealaíon chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dámhachtain mar chuid de straitéis níos leithne i leith acmhainní amharc-ealaíon a fhorbairt ar bhonn áitiúil.
Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, Sraith 2: Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain am agus acmhainní a thabhairt do choimeádaithe chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic lena gcleachtas. Díríonn an dámhachtain ar an luach agus an tairbhe a bhaineann coimeádaithe as tréimhse fhadaithe i mbun coimeádaíochta. Féachtar freisin leis an dámhachtain forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann chun na hamharc-ealaíona a choimisiúnú, a tháirgeadh agus a thabhairt ar camchuairt in Éirinn.
Tabhair do d’aire go mbeidh buiséad ar leith ann do Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, Sraith 2 (Coimeádaithe) seachas an buiséad a bheidh ann do Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí).
Is é €15,000 an tsuim is mó a bheidh ar fáil fós faoi Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon.
Beidh na treoirlínte don scéim ar fáil faoin rannán maoiniú atá ar fáil ar an suíomh gréasáin sna seachtainí atá amach romhainn.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le justine.harrington@artscouncil.ie