An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 25 Eanáir 2018, 5.30 p.m
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 25 Eanáir 2018.
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 19 Nollaig 2017.
Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Sráidealaín & Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hAmharc-ealaíona
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa chuid maoiniú atá ar fáil dár suíomh gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|