|
Comhdháil Óige Ildánach 2021
Ba mhór ag Clár Éire Ildánach tú a bheith i láthair ag Cruthaitheacht – nasc lenár dtodhchaí, anois, mar aon leis an Taoiseach, Micheál Martin, leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, leis an Aire Oideachais, Norma Foley agus leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’ Gorman.
Léigh a thuilleadh >>
Ceann Comhionannais, Éagsúlachta gus Ionchuimsithe (EDI)
Má tá an comhionannas tábhachtach duit, d’fhéadfadh sé go n-oirfeadh an post nua, iontach seo sa Chomhairle Ealaíon duit. Ba mhaith linn Ceann Comhionannais, Éagsúlachta gus Ionchuimsithe (EDI) a earcú le bheith i gceannas ar ár mbeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a chur i gcrích agus a fhorbairt . Tugann an Chomhairle Ealaíon tosaíocht chorparáideach don bheartas sin a seoladh in 2019 agus táimid meáite air go mbeidh sé mar chuid de gach rud a dhéanaimid.
Léigh a thuilleadh >>
Tuarascáil Benson
Léigh a thuilleadh >>
Foilsiú na Tuarascála faoin Éagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2020
Foilsíodh tuarascáil faoi shonraí inscne, míchumais agus eitneachais le haghaidh dámhachtainí aonair in 2020.
Léigh a thuilleadh >>
An mian leat iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Fulbright um Chlár Éire Ildánach?
Sheol Clár Éire Ildánach agus Coimisiún Fulbright in Éirinn Comhaltachtaí Fulbright Músaeim Éire Ildánach in 2018.
Is iad na músaeim rannpháirteacha an Smithsonian Institute (lena mbaineann 17 iarsmalann agus áiléar), Ionad Harry Ransom in Austin, Texas agus an Exploratorium i San Francisco. Is amhlaidh ó shin i leith atá roinnt iarrthóirí atá i mbun staidéir dá PhD tar éis tabhairt faoi shocrúcháin luachmhara sna hiarsmalanna iomráiteacha Meiriceánacha sin.
Léigh a thuilleadh >>
Réamhléiriú de ‘Entaglement’, taispeántas 2021 de Phailliún na hÉireann sa Veinéis
Is é ‘Entanglement’ an taispeántas 2021 de Phailliún na hÉireann i ndáil leis an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta de chuid La Biennale di Venezia.
Léigh a thuilleadh >>
Breac síos an dáta! Clinic Eolais ar líne atá ag teacht aníos maidir le dámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2021
Trí na dámhachtainí scannáin dá cuid, tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le timpeallacht a chruthú ina bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar ealaíonta ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na scannán.
Léigh a thuilleadh >>
Seisiún faisnéise i ndáil le scríbhneoirí agus daoine aonair atá i mbun oibre sa litríocht: Dámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon
Agus trí bhabhta den Dámhachtain Lúfaireachta fógartha i mbliana, arb é sin dámhachtain nua trasfhoirme ealaíon na Comhairle Ealaíon, rinne Sarah Bannan, Ceann Litríochta, seisiún faisnéise a thaifeadadh le hÁras na Scríbhneoirí roimh an gcéad spriocdháta, an 8 Aibreán.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
An Scéim um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon an Scéim Phíolótach um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach a fhógairt. I straitéis na Comhairle Ealaíon aithnítear an ról sainiúil atá ag cleachtas ealaíon amaitéarach, an méid tábhachtach a chuireann sé le beogacht na n-ealaíon in Éirinn agus ceol, amharclannaíocht agus amharclannaíocht cheoil san áireamh, agus na tairbhí pearsanta, sóisialta agus ealaíonta éagsúla a bhaineann leis.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2021 - 15 Aibreán
Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg Déardaoin 15 Aibreán 2021 ar 5:30 i.n. Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go gníomhach le chéile le saothar uaillmhianach úrnua i bhfoirm ealaíne ar bith.
Léigh a thuilleadh >>
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Spriocdháta: Déardaoin, 13 Bealtaine 2021
Tosóidh an tréimhse inar féidir iarratas a dhéanamh Déardaoin 13 Aibreán.
Tá an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtais ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.
Léigh a thuilleadh >>
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Is é cuspóir na Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm.
Is é an spriocdháta don dámhachtain seo 5:30 p.m. Déardaoin 20 Meitheamh 2021. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt 20 Aibreán 2021 ar aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
Ghairmeacha Oscailte 2022
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair Ghairmeacha Oscailte 2022
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile den Ghlao Oscailte (Céim a haon) an 30 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 pm Déardaoin, 29 Aibreán 2021. Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Léigh a thuilleadh >>
Meabhrúchán faoi Scéimeanna Amharclannaíochta le Teacht
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de na Scéimeanna Amharclannaíochta 8 Aibreán.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair le haghaidh 2022
Is é an aidhm atá leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar réimse d’fhoirmeacha agus cleachtais ealaíon.
Is é Déardaoin, an 6 Bealtaine 2021, an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2022.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh ó chleachtóirí gairmiúla maidir le forbairt agus cur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Ar an gcaoi sin, spreagtar saothar ar ardchaighdeán ealaíonta a fhorbairt agus na léirithe iomlána ceoldrámaíochta gairmiúla lena meallann an pobal chomh maith, rud lena gcruthaítear deiseanna d’ealaíontóirí i rith an prhóisis.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
|
|