Ciste Gníomhaíochta Cláir 2016 do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO)
 |
Is é cuspóir an Chiste Gníomhaíochta Cláir cabhrú le heagraíochtaí cleachta cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, cláir ealaíne ar ardchaighdeán de chuid leanaí agus daoine óga féin a chur ar fáil nó cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil in éineacht le leanaí agus daoine óga ach iad a bheith ag teacht le beartas agus le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO). Ní mór cláir a dhearadh agus a phleanáil ar bhealach a chinnteoidh go bhfaighidh gach sprioc-aoisghrúpa taithí ealaíne ar ardchaighdeán. Is ciste iomaíoch atá i gceist agus bronntar dámhachtainí ar bhonn aonuaire. Ní bhronnfar iad den dara huair. Tabhair faoi deara go mbeidh athruithe ann ar na nótaí treorach agus ar an bhfoirm iarratais don Chiste Gníomhaíochta Cláir don bhliain 2016. Déan cinnte de go léann tú iad sin go cúramach agus iarratas á dhéanamh agat. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gciste seo, téigh i dteagmháil le Karen Whelan Ríomhphost: karen.whelan@artscouncil.ie; Teil.: 01 6197805.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach Dé Máirt, an 3 Samhain 2015. Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil 5:30pm Déardaoin, an 3 Nollaig 2015.
 |
|