Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach in 2017ar oscailt anois i gcomhair áirithintí
Táthar ag glacadh le háirithintí anois le haghaidh Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach, an cruinniú uathúil ealaíon agus sláinte atá á óstáil ag artsandhealth.ie, Create agus an Arts Initiative in Mental Health, Sligeach. Is imeacht líonraithe é Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach le haghaidh cleachtóirí ealaíon agus cúram sláinte agus ealaíontóirí a oibríonn i suíomhanna cúram sláinte. Beidh sé ar siúl i mbliana ar an 5 Bealtaine in The Model, Sligeach ó 9.30 a.m. go dtí 5.00 p.m.
Cuirfear dlúthpháirtíocht i measc cleachtóirí ealaíon agus sláinte chun cinn ag an imeacht, cuirfear líonrú agus piarthacaíocht i bhfeidhm i measc cleachtóirí, agus spreagfar cleachtóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus malartú smaointe a éascú. Leis sin, is i bhfoirm comhrá idir Patrick Fox as Heart of Glass sa Ríocht Aontaithe agus Mark Storor, ealaíontóir clúiteach a bhfuil gradaim buaite aige a bheidh an phríomhóráid. Oibríonn Mark Storor sa réimse spáis sin idir ealaín bheo agus amharclannaíocht.
- Beidh sraith cur i láthair phéireáilte ann ina ndéanfar iniúchadh ar an gcineál oibre comhoibrithí a bhíonn ar siúl i measc ealaíontóirí agus gairmithe cúram sláinte.
- Tarraingeofar aird ar na saincheisteanna agus ar na topaicí móra ó chainteanna na maidine, agus beidh deis ag an lucht freastail bualadh lena gcomhghleacaithe i ngrúpaí plé stiúrtha. Oibreoidh an t-ealaíontóir Naomi Draper le fearais chruthaitheacha éagsúla chun deis a thabhairt do dhaoine comhrá a thosú, agus tabharfar deis do rannpháirtithe a bheith ag éisteacht, ag roinnt agus ag malartú scéalta lena chéile.
Bí linn le haghaidh ócáid líonraithe speisialta le haghaidh na nEalaíon agus Sláinte agus lean den chomhrá.
Tá Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon, Seirbhís Ealaíon Shligigh agus FSS an Iarthuaiscirt.
Na sonraí iomlána le teacht go luath.
Cuir d’áit in áirithe anseo: www.eventbrite.ie/e/arts-and-health-check-up-check-in-2017-tickets-32403835745
€20 an cead isteach agus beidh lón san áireamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, labhair le Claire Meaney, Stiúrthóir Ealaíon Gníomhach, WHAT, ag claireA.meaney@hse.ie nó cuir glaoch ar 051 842664.
Feic www.artsandhealth.ie chun an scéal is déanaí a fháil.