Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
 |
Tríd an Dámhachtain seo do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta is mian leis an gComhairle Ealaíon tacú le tionscnaimh cleachtóirí ceoldrámaíochta gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar saothar ar ardchaighdeán ealaíne a fhorbairt, agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta a dhéanann teagmháil leis an bpobal, rud a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí. Spriocdháta: 5.30 p.m., an 11 Bealtaine 2017 I ngach ceann de thrí shraith na dámhachtana, tabharfar tús áite d’iarratais a léiríonn na rudaí seo a leanas: - Fís ealaíonta shoiléir agus fianaise go bhfuil an tionscadal a bheartaítear ar ardchaighdeán ealaíne; cuirfear cuntas teiste na bpríomhealaíontóirí san áireamh
- Mórdheiseanna forbartha do chleachtóirí ceoldrámaíochta gairmiúla
- Iarratais atá ag teacht go soiléir le tosaíochtaí beartais agus straitéise na Comhairle.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an dá shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta: - Sraith 1: Forbairt na Ceoldrámaíochta: Suimeanna suas go huasmhéid €20,000
- Sraith 2: Cur i Láthair na Ceoldrámaíochta: suas le €110,000 ar a mhéad
- Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €420,000 ar a mhéad
An próiseas iarratais Is féidir na sonraí iomlána maidir le próiseas an iarratais a fháil anseo Treoirlínte Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá ag obair go gairmiúil sa cheoldrámaíocht. Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh: - A bheith ina gcónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann/a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad/nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin le healaíona Phoblacht na hÉireann.
- Gan a bheith ag fáil maoiniú faoi chláir dheontais athfhillteacha ar bith de chuid na Comhairle Ealaíon. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chothromas agus don chuimsiú agus fáiltíonn siad roimh iarratais ó dhaoine nó ó ghrúpaí ó phobail ina bhfuil cultúir éagsúla agus ó dhaoine faoi mhíchumas.
Cé nach bhfuil eagraíochtaí a fhaigheann cúnamh deontais (Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal iarratas a dhéanamh, táthar ag súil, ó am go chéile, go bhféadfadh eagraíochtaí maoinithe a bhfuil sé de chumas acu ceoldrámaíocht a chur i láthair mar chuid de chlár níos leithne (e.g. compántais cheoldrámaíochta, ionaid agus féilte) tacú le hiarratasóirí nó a bheith ina gcomhpháirtithe leo don tsraith den dámhachtain a bhaineann le Cur i Láthair na Ceoldrámaíochta (agus d’fhéadfadh ról a bheith acu freisin sa tsraith a bhaineann le Forbairt na Ceoldrámaíochta). I gcásanna den chineál sin, ní mór don iarratasóir a léiriú go bhfuil an tacaíocht atá á tairiscint agus ról beartaithe na heagraíochta atá maoinithe sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá bhfuil maoiniú lárnach faighte ag an eagraíocht, agus deighilte uathu.
 |
|