|
Ailtireacht Taispeántais ag teacht aníos
Moladh Free Market, Pailliún na hÉireann ag an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Bienale di Venezia 2018, go forleathan as an bhfiosrú a dhéantar ann ar aitheantas uathúil bhailte tuaithe na hÉireann nuair a cuireadh é ar taispeáint sa Veinéis in 2018. Rachaidh an taispeántas uaillmhianach seo ar camchuairt chuig ceithre bhaile in Éirinn anois.
Léigh a thuilleadh >>
Beidh beirt Laureate, Sebastian Barry agus Sarah Crossan, i láthair ag Féile Liteartha Iarthar Chorcaí
Beidh beirt Laureate, Sebastian Barry agus Sarah Crossan, ag caint le Alex Clark le haghaidh imeacht speisialta ag Féile Liteartha Iarthar Chorcaí.
Léigh a thuilleadh >>
Poist mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in OÉ Gaillimh.
Bunaíodh roinnt cónaitheachtaí do scríbhneoirí ar fud na tíre mar chuid de thiomantas na Comhairle Ealaíon do thacú le scríbhneoirí ag gach céim dá ngairmeacha.
Táthar ag glacadh le hiarratais i gcomhair trí cinn de chónaitheachtaí ollscoile na Comhairle Ealaíon faoi láthair:
- Comhaltacht Scríbhneora, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Comhalta Scríbhneoireachta Cruthaithí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- Scríbhneoir Cónaithe, OÉ Gaillimh
Léigh a thuilleadh >>
Athbhreithniú ar Ionaid Tionóil agus Ionaid Ealaíon
Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Ionaid Tionóil agus Ionaid Ealaíon an mhí seo agus tá sé ar fáil ar líne i rannóg foilseacháin shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Léigh a thuilleadh >>
Beartas agus Straitéis le haghaidh Ionad Ealaíon 2019
De réir mar a sonraíodh inár bplean trí bliana, ghlacamar le Beartas agus Straitéis Nua d’Ionaid Ealaíon 2019 a bheidh mar bhonn is mar thaca d’iarratais ar mhaoiniú do 2020.
Léigh a thuilleadh >>
Seisiúin faisnéise maidir le Maoiniú Ionad Ealaíon 2020
Eagraíodh trí sheisiún faisnéise chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar iarratas ar mhaoiniú d’ionaid ealaíon in 2020. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte ó thús mhí Lúnasa agus is é an 19 Meán Fómhair 2019 an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019
Tairgfidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Tionscadail sna catagóirí seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Ceol
- Sráidealaíona agus Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na hAmharc-ealaíona
Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Beidh na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain ar fáil le híoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ó lár mhí an Mheithimh ar aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
Comhalta Scríbhneoireachta Chruthaithí in UCD
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoireachta Cruthaithí arna cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta.
Léigh a thuilleadh >>
Beyond Borders (Thar Teorainn)
Spreagann agus neartaíonn Beyond Borders comhoibrithe trasteorann idir cruthaitheoirí ceoil, taibheoirí agus láithreoirí. Tacaíonn sé le cruthú, camchuairt agus cur chun cinn ceol nua atá nuálach agus ar ardchaighdeán thar gach seánra ceoil agus spreagann sé rannpháirtíocht le lucht féachana ar fud Shasana, na hAlban, na Breataine Bige, Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann trí thaibhithe iomadúla agus trí ghníomhaíocht dhigiteach.
Léigh a thuilleadh >>
Gairmeacha Oscailte 2020
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte chuig ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne na hÉireann chun tionscadail chomhoibritheacha cheannródaíocha a chruthú a bhfuil uaillmhian, tionchar agus scála ag baint leo a spreagann plé, agus a ghríosaíonn nó a thugann freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éire na linne seo.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
Deis Fostaíochta: Oifigeach Forbartha Music Generation, Baile Átha Cliath Theas (Clúdach do Shaoire Mháithreachais)
Tá iarratais á lorg anois ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas don phost mar Oifigeach Forbartha Music Generation
Ceapfaidh Comhairle Contae Átha Cliath Theas Oifigeach Forbartha Music Generation a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil i mBaile Átha Cliath Theas.
Léigh a thuilleadh >>
Tugann Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann Séasúr spreagúil an Fhómhair / an Gheimhridh isteach
Tá an-áthas ar Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann Clár an Fhómhair agus an Gheimhridh a fhógairt, ina léirítear bailiúchán saibhir de shaothair éagsúla agus ceoltóirí aonair idirnáisiúnta sa chlár spreagúil seo. Mar is iondúil, rachaidh an lucht féachana ar aistear iontach le ICO, agus beidh an t-aistear sin tumthach, ag taisteal trí aoiseanna éagsúla agus ag fiosrú saothar iontach na n-aoiseanna sin, mar aon leis an gceol nua a mhúsclaíonn na cúig chéadfa. Tá clú agus cáil ar Jörg Widmann (Príomh-Aoi-stiúrthóir/Páirtí Ealaíonta) agus ICO as a dtaibhithe tarraingteacha agus a n-indibhidiúlachas ealaíonta agus tá clár an tséasúir seo lán le héagsúlacht.
Léigh a thuilleadh >>
Uillinn: Clár Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí 2020 │ Glaoch ar Iarratais
Uillinn: Cuireann Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí deiseanna stiúideo ar fáil d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh a ngairme faoi chlár Ealaíontóra Chónaithe. Iarrtar ar ealaíontóirí iarratas a dhéanamh chun deis a fháil taighde a dhéanamh ar a gcleachtas agus é a fhorbairt agus plé a dhéanamh le hUillinn, le heagraíochtaí eile i gCorcaigh, leis an bpobal áitiúil agus i gcoitinne.
Léigh a thuilleadh >>
Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble 2019
Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble. Ní mór go mbeidh saothar an iarratasóra ina dhráma nua a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2019 chun bheith incháilithe le cur isteach ar an ngradam seo. Caithfidh iarratasóirí cóip leictreonach dá script a sheoladh chuig info@fishamble.com, mar aon le sonraí faoin taibhiú, faoi Dé Luain, an 6 Lúnasa.
Léigh a thuilleadh >>
Bailiúchán d’Fhoinn Chláirsí Bunting: Coimisiún Digiteach
Tá Music Network (MN) agus Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) ag tabhairt deis d’ealaíontóir fuaime nó d’amharc-ealaíontóir proifisiúnta le saothar suiteála a bhfuil na foinn chláirsí stairiúla a bhailigh Edward Bunting sa bhliain 1792 mar spreagadh dó.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
|
|