Tairgfidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Tionscadail sna catagóirí seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Ceol
- Sráidealaíona agus Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Amharc-ealaíona
Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Beidh na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain ar fáil le híoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ó lár mhí an Mheithimh ar aghaidh.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí.
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh:
Eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi láthair faoi chláir dheontais na Comhairle Ealaíon (Maoiniú Straitéiseach, Maoiniú Ionad agus Maoiniú Comhpháirtíochta)
Eagraíochtaí agus daoine aonair a fhaigheann Maoiniú Deontais do na hEalaíona faoi láthair, mura gcuireann an Chomhairle Ealaíon a mhalairt in iúl go sonrach
TABHAIR FAOI DEARA: níl cead ag eagraíochtaí cur isteach ar an Dámhachtain Tionscadail 2020 agus ar an Maoiniú Straitéiseach 2020 araon
Is é an spriocdháta le haghaidh gach ceann de na dámhachtainí thuas ná 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019. Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland