Tá athbhreithniú straitéiseach na Comhairle Ealaíon ar bun faoi láthair agus tá aird an ghrúpa stiúrtha, faoi chathaoirleacht Terence O'Rourke, dírithe cheana féin ar an dóigh is fearr ar féidir le caidreamh leis an earnáil ealaíon agus leis an bpobal i gcoitinne cuidiú leis an bplé agus leis an tuarascáil deiridh.
Chuige sin, beimid ag iarraidh réimse leathan tuairimí chun leas a bhaint as taithí agus as intleacht na hearnála agus chun éisteacht le smaointe agus le cineálacha nua cur chuige. Beidh an caidreamh dírithe agus sainaithneofar príomhdheacrachtaí nó príomhcheisteanna. Iarrfaimid ar ghrúpaí agus ar dhaoine bualadh linn nó aighneacht a dhéanamh. Tá sé ar intinn againn cruinnithe níos mó a thionól i réigiúin éagsúla sa tír i mí Aibreáin. Tá súil againn go mbeidh sonraí praiticiúla faoi na cruinnithe sin sa chéad eagrán eile den nuachtlitir. Mholfainn don oiread ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon agus is féidir a bheith i láthair. Féadfaidh daoine nach mbeidh ábalta déanamh amhlaidh aighneacht i scríbhinn a dhéanamh trínár suíomh gréasáin.
Prionsabal a bhfuil an Chomhairle Ealaíon tiomanta dó ná comhoibriú leis an iliomad gníomhaireachtaí ealaíon agus neamhealaíon. Sampla de sin le déanaí é an chomhpháirtíocht nua le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann (ACNI) chun tacú leis an Scéim Camchuairte Thuaidh-Theas, a chuireann ar chumas daoine, compántas agus ionad comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar an oileán ar fad. Chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe san ACNI é a dhéanamh níos éasca dul ar camchuairt trasna na teorann. Fágann sé sin gur féidir dátaí i gceachtar dlínse a lua sna hiarratais ón Tuaisceart agus ón Deisceart agus má éiríonn leis an iarratas, tabharfaimid tacaíocht do gach céim den chamchuairt.
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir iad siúd a léiríonn saothar agus iad siúd a chuireann saothar i láthair don lucht féachana. Mar sin de, tá súil againn go neartóidh comhoibriú an dá Chomhairle Ealaíon ina leith sin an ceangal idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí sa dá dhlínse.
Mar sin de, táthar diongbháilte go bhfuil na healaíona agus na healaíontóirí ina gcuid dhoscriosta de shaol agus de lorg na hÉireann, is cuma más athmhúscailt ár n-airde straitéisí mar ghníomhaireacht náisiúnta nó ag dul ar camchuairt trasna na hÉireann atá i gceist.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir