Tá spéis ag an gComhairle Ealaíon timpeallacht a chruthú, trína dámhachtainí scannáin, ina bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na scannán.
Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le AEMI, clinicí faisnéise i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí an Mhárta roimh na spriocdhátaí atá ag teacht aníos do Reel Art, Authored Works agus an Dámhachtain do Thionscadal Scannáin. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar na dámhachtainí seo freastal ar cheann amháin de na clinicí seo mar a ndéanfaidh ionadaithe ón gComhairle Ealaíon plé ar na dámhachtainí agus ceisteanna a fhreagairt.
Deimhneofar na dátaí, an t-am agus na hionaid tionóil go luath. Seiceáil suíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Ba cheart do dhaoine ar spéis leo a bheith i láthair clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig info@aemi.ie.
Spriocdhátaí do dhámhachtainí atá ag teacht aníos
Reel Art
Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tacófar le dhá scannán in 2020. Cuirfear ciste iomlán suas le €102,500 ar fáil don bheirt iarrthóirí a n-éiríonn leo (ar a n-áireofar buiséad léirithe suas le €90,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise suas le €12,500). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le taispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ár gcomhpháirtí tionscadail, i mí Feabhra 2022.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 14 Bealtaine 2020
Dámhachtain do Thionscadal Scannáin
Bronntar an dámhachtain tionscadail ar scannáin d’ardchaighdeáin atá uaillmhianach i mbealach cruthaitheach agus turgnamhach. Ba cheart an obair a dhéanamh i bhfoirm scannáin agus é d’aidhm aige dul i ngleic le lucht féachana agus dúshlán a thabhairt dóibh agus ba cheart é a dhéanamh le taispeáint go poiblí i bpictiúrlanna ar an gcéad dul síos. Ar na tograí féideartha tá cinn: atá turgnamhach ó thaobh foirme nó ábhair de; nach bhfuil struchtúr an scéil leo; a bhaineann úsáid chruthaitheach as an teicneolaíocht. D’fhéadfadh iarratasóirí rathúla cur isteach ar thacaíocht taispeántais bhreise. An tUasbhuiséad Léiriúcháin: suas le €70,000.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 13 Lúnasa 2020
Authored Works
Is é cuspóir Authored Works saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a thabhairt d’ealaíontóirí scannán chun saothar fadscannáin chultúrtha a dhéanamh ó dhearcadh láidir ealaíonta. Tacófar le scannán amháin in 2020. Cuirfear ciste iomlán suas le €200,000 ar fáil don iarrthóir a n-éiríonn leis/léi (ar a n-áireofar buiséad léirithe suas le €185,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise suas le €15,000). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear an scannán a chríochnú lena thaispeáint den chéad uair ag Institiúid Scannán na hÉireann, ár gcomhpháirtí taispeántais, ar dháta a aontófar in 2022.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 20 Lúnasa 2020
Tuilleadh eolais: Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Dámhachtainí Scannáin na Comhairle Ealaíon agus chun treoirlínte na dámhachtana a fháil, féach ar an rannán maidir leis an maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon ar 01 618 0200 nó ag an seoladh ríomhphoist awards@artscouncil.ie