Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil 30 saothar ealaíne nua curtha aici lena Bailiúchán agus go bhfaighidh lucht féachana ar fud na hÉireann deis iad a fheiceáil sna blianta amach romhainn. Seo a leanas na healaíontóirí a bhfuil a gcuid saothar curtha leis an mBailiúchán: David Beattie, Myrid Carten, Brian Fay, Laura Fitzgerald, Ann Maria Healy, Austin Ivers, John Lalor, Leanne McDonagh, Kevin Mooney, Paul Nugent, Mandy O’Neill, Vera Ryklova, Rajinder Singh, Katie Watchorn, Emma Wolf-Haugh.
Léigh a thuilleadh >>
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon a fhógairt go mbeidh na taispeántais seo a leanas ar siúl ar fud na hÉireann ó mhí Iúil ar aghaidh. Beidh saothair atá ó Bhailiúchán dochreidte na Comhairle Ealaíon, ina bhfuil os cionn 1,230 saothar ealaíne nua-aimseartha agus comhaimseartha na hÉireann, le feiceáil ag na taispeántais seo.
Léigh a thuilleadh >>
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Tá an Chomhairle Ealaíon agus Fáilte Éireann tagtha le chéile i gcomhpháirtíocht chun treoirlínte a fhorbairt de réir Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 - An Bóthar Amach Romhainnle cabhrú le heagraithe féilte agus imeachtaí an riosca a bhaineann le tarchur COVID-19 ag féilte agus imeachtaí aonair a íoslaghdú, agus chun muinín agus iontaoibh i measc freastalaithe ar fhéilte agus imeachtaí beo a atógáil.
Léigh a thuilleadh >>
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Sna míonna atá amach romhainn, beidh an Chomhairle Ealaíon ag bualadh le agus ag cloisteáil ó ealaíontóirí, ó eagraíochtaí ealaíon, ó chomhpháirtithe trasearnála agus ó dhaoine eile a bhfuil suim acu i réimse na Rannpháirtíochta sna hEalaíona, chun cur le forbairt Beartas nua na Comhairle Ealaíon sa réimse seo.
Léigh a thuilleadh >>
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Acmhainn ar líne a chabhróidh leat do bhealach a dhéanamh agus bun agus barr a fháil ar an obair a dhéanann tú agus a chuireann tú i láthair go digiteach. Chuir Culture Works an tacar d’uirlisí ar fáil agus choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon é.
Léigh a thuilleadh >>
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Tá athnuachan beag déanta ar lógó na Comhairle Ealaíon, a dearadh don chéad uair beagnach fiche bliain ó shin, is chun soléiteacht a fheabhsú agus chun é a chur in oiriúint le haghaidh léiriú digiteach agus i gcló a rinneadh é seo.
Léigh a thuilleadh >>
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Tá sraith clinicí maoinithe ina ndírítear ar ealaíontóirí aonair á reáchtáil ag an bhFoireann Amharclannaíochta. Rachel West agus Bea Kelleher a óstálfaidh iad agus beidh deiseanna maoinithe atá le teacht á phlé againn lena n-áireofar: Dámhachtain Lúfaireachta Babhta 3 agus gach ceann de cheithre shnáithe Tionscadail 2022, mar aon le treoir ar an leagan amach atá ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon san iomlán.
Léigh a thuilleadh >>
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Léigh a thuilleadh >>
|
|