Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
 |
Tá an Chomhairle Ealaíon ag lorg tairiscintí ar phainéal Comhlach Cruthaitheach chun tacú le Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm don bhliain acadúil 2020-21 agus ar aghaidh le spriocdháta de 17:00, Déardaoin, 12 Márta 2020.
Tá an Fógra Conartha, foirmeacha iarratais 2020 agus na cáipéisí ábhartha ar fad ar fáil le híoslódáil ar http://www.etenders.gov.ie/
Tá Leabhráin Faisnéise agus Ceisteanna Coitianta ar fáil anois ar shuíomh gréasáinScoileanna Ildánacha
Tá eolas faoin gclár agus faoi obair na gComhlach Chruthaitheach ar fáil ar http://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/
Is deis iontach é seo le haghaidh ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus san earnáil chultúrtha.
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
 |
|