Naked Truth: The Nude in Irish Art 13 Iúil – 28 Deireadh Fómhair, 2018
Réamhléiriú: Déardaoin 12 Iúil
Déantar suirbhé sa mhórthaispeántas seo ar an duine nocht agus ar an gcolainn nocht mar a léiríonn ealaíontóirí Éireannacha iad, ag díriú ar théamaí idirnasctha de fháthscéalta polaitiúla, dlúthchaidreamh tí, polaitíocht inscne, oiliúint ealaíonta, cinsireacht, gnéasacht agus taispeántas. Tá saothar sa taispeántas ó Sheela na-gigs stairiúil, agus ealaíontóirí lena n-áirítear Francis Bacon, James Barry, Dorothy Cross, Robert Fagan, Amanda Coogan, Mainie Jellett agus Brian Maguire.
Faoi choimeád ag William Laffan agus Dawn Williams
Beochan Samhraidh Crawford ar ais!
Cheap agus d’éascaigh an t-amharc-ealaíontóir, Julie Forrester, an clár seo, agus beidh sé ar siúl anseo sa ghailearaí.
Tá sé mar aidhm ag Julie próisis scéalaíochta cruthaithí éagsúla a úsáid agus beidh péintéireacht, líníocht, tógáil, samhaltú, grianghrafadóireacht, taifeadadh fuaime ar siúl mar chuid de na ceardlanna.
Tiocfaidh athrú ar ábhar na mbeochan i rith an phróisis cruthaithe agus oibreoidh leanaí i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga chun beocht a chur ina gcarachtair féin.
Oscailte do leanaí idir 8 agus 12 bhliain d’aois.
Beidh siad ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
Seachtain 1: Luan 9 - Aoi 13 Iúil
Seachtain 2: Luan 16 Iúil - Aoi 20 Lúnasa
Seachtain 3: Luan 6 - Aoi 10 Lúnasa
Luan go hAoine ón 10am go 3pm
Caithfear áit a chur in áirithe mar tá áiteanna teoranta.
Táille na Ceardlainne: €130.00 (Cuirtear na hábhair go léir ar fáil)
(Ba cheart íocaíochtaí a dhéanamh roimh ré – ní dheimhneofar an áirithint ach amháin nuair a fhaightear táille iomlán don cheardlann). Tá teorainn ar líon na n-áiteanna – clárófar daoine de réir mar a thiocfaidh siad.
Lón: Caithfidh leanaí lón a thabhairt leo. Déantar maoirsiú ar lón.
Déan teagmháil le:
Emma 021 4907862
emmaklemencic@crawfordartgallery.ie
Tá 12 ealaíontóir Iodálach in STAMPA ORA / PRINT NOW – arna roghnú ag Giorgio Marini, Leas-Stiúrthóir na Rannóige Líníochta agus Priontaí ag Uffizi Gallery in Florence – agus 12 ealaíontóir agus ball de Cork Printmakers – arna roghnú ag Anne Hodge, Coimeádaí Priontaí, ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann . Tá 48 prionta sa taispeántas – dhá phrionta le gach ealaíontóir ag úsáid raon leathan teicnící déanamh priontaí, cosúil le prionta scáileáin, eitseáil, prionta grianghraif, déanamh priontaí rilífe, agus neart eile.
Under The Goldie Fish: Radhairc ar Chorcaigh ón mBailiúchán
Go dtí an 19 Lúnasa 2018
Faigheann ár dtaispeántas a theideal ón drámadóir agus ón úrscéalaí a rugadh i gCorcaigh,
clár raidió cultais Chónail Creedon agus tarraingítear ar
bhailiúchán an Ghailearaí de shaothair ealaíne atá ar fáil, ar bhonn tíreolaíoch,
faoi radharc an éisc órga a bhfuil clú agus cáil air.
Tá formhór an tsaothair topagrafach: tírdhreacha, staidéir ar dhíol spéise ailtireachta nó toradh ón ngá atá ag an ealaíontóir radharc a bhfuil cur amach aige air a thaifeadadh– rud atá tábhachtach b’fhéidir do scéal an ealaíontóra féin. Insítear freisin faoi athruithe laistigh den chathair.
CREIDIÚINT GRIANGHRAIF: Eileen Healy The Glen (Uimh. 2 i sraith 3 phéintéireacht)
1999
HEROES & VILLAINS (Go dtí 25 Lúnasa 2018)
A WORLD IN CRISIS! Cruthaítear coimhlint mar gheall ar an deighilt idir saibhir agus daibhir. Sainítear ár mbeatha le cultúr faire agus mianadóireachta sonraí. Athraíonn neamhurchóid go spídiúlacht ach cnaipe a bhrú. An raibh an líne idir mhaith agus olc chomh doiléir riamh cheana? An féidir linn glacadh le laochra agus le cneámhairí ár linne nó b’fhéidir nár cheart dúinn i gcónaí an leabhar a mheas de réir a chlúdaigh?
Ó tosaíodh traidisiún na scéalaíochta an chéad lá riamh, le feiceáil i ndán cáiliúil Homer, The Iliad, d’fhéachamar leis an bhfonn atá orainn laochra a bheith inár saol chun muid féin a shásamh mar fhreagra ar an gcneámhaireacht. Cén sórt cuma atá ar laochra agus cad a chruthaíonn cneámhaire? Cén uair a athraíonn adhradh don laochra go dtí tarcaisniú? Cén chaoi a bhféadfaimid comparáid a dhéanamh idir laochra spóirt mar Roy Keane agus laochra ársa mar Aichill?
Tugann HEROES & VILLAINS, saothair roghnaithe ón mbailiúchán, cuireadh duit aircitíopaí traidisiúnta den mhaith agus olc a cheistiú.
Faoi choimeád ag Anne Boddaert & an Dr Michael Waldron.
The Eye of the Artist (Leanúnach)
Tógtha ó bhailiúchán buan Dhánlann Crawford, tugann "The Eye of the Artist” léargas dúinn ar an gcaoi a dtugann ealaíontóirí léiriú ar an saol mórthimpeall orthu. Is uiscedhathanna nó líníochtaí atá i bhformhór na saothar, cé go bhfuil dhá ghrianghraf ann freisin leis an ngrianghrafadóir ceannródaíoch Julia Margaret Cameron (1815-1879).
Harry Clarke. Ealaíontóir Gloine Dhaite (Leanúnach)
Rugadh Harry Clarke, duine de na healaíontóirí is aitheanta agus is mó gean in Éirinn, i mBaile Átha Cliath in 1889, agus fuair sé oiliúint san ealaín a bhain le gloine dhaite i siopa maisithe séipéal a athar, agus i Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath. Cé go ndeachaigh sé ar aghaidh chun stíl speisialta a fhorbairt a raibh tionchar an tSiombalachais le brath air, is saothair thábhachtacha iad na trí fhuinneog i seomra Harry Clarke ar an dara hurlár de Dhánlann Ealaíne Crawford. Rinneadh na píosaí The Consecration of St Mel, Bishop of Longford, by St Patrick (1910), The Godhead Enthroned (1911), agus The Meeting of St Brendan with the Unhappy Judas (1911), idir 1910 agus 1911 agus cheannaigh Coiste Tiomnachta Gibson iad díreach ón ealaíontóir i 1924. Bhí Harry Clarke ina scoláire ag Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath ag an am.