Déardaoin, an 28 Eanáir, 2021 – Dámhachtainí Sparánachta
Is é Déardaoin, an 28 Eanáir 2020, ag 5.30pm, an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon
Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 15 Nollaig 2020.
Léigh a thuilleadh >>
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021: Babhta 2
Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2021 fógartha ag an gComhairle Ealaíon.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.
Léigh a thuilleadh >>
Tá glao ar léiriú spéise maidir le Dámhachtain Liam O’Flynn 2021 fógartha ag an gComhairle Ealaíon
Is comhthionscnamh idir An Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta é Dámhachtain Liam O’Flynn mar chuid den chomhoibriú atá ar bun acu chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn, tuiscint ar na healaíona traidisiúnta a chothú agus léiriú a dhéanamh ar a thaitneamhaí atá na healaíona traidisiúnta, tá an fhéile ceoil thraidisiúnta Tradition Now mar chuid den obair seo freisin.
Léigh a thuilleadh >>
|
|