Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 i.n., Déardaoin an 8 Meán Fómhair 2022
Beifear ag glacadh le hiarratais ón 28 Meitheamh 2022 ar aghaidh.
Is é is cuspóir le Maoiniú Straitéiseach infheistíocht a chur sa bhonneagar riachtanach a theastaíonn chun na healaíona a chothú agus a fhorbairt in Éirinn agus tacaíocht a thabhairt don bhonneagar sin.
Ní mór dóibh siúd a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach obair ríthábhachtach a dhéanamh le go gcuirfí na tosaíochtaí beartais a shonraítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh) i gcrích.
Agus Maoiniú Straitéiseach á tairiscint aici, is mian leis an gComhairle Ealaíon an méid seo a leanas a chinntiú:
- Soláthar oibre ealaíne agus/nó imeachtaí, gníomhaíochtaí, seirbhísí den chéad scoth
- Deiseanna iontacha d’ealaíontóirí agus/nó gairmithe ealaíon chun a gcleachtas a fhorbairt agus/nó chun saothar ardchaighdeáin a chruthú nó dul i ngleic le saothar ardchaighdeáin.
- Go léireofar éagsúlacht na hÉireann comhaimseartha san obair a dtacaíonn sí léi
- Go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as taithí ealaíon d’ardchaighdeán
- Go mbeidh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal agus leis an bpobal
- Go mbainfear caighdeáin sármhaitheasa amach maidir le rialachas agus bainistíocht sna healaíona.
Baineann Maoiniú Straitéiseach le heagraíochtaí amháin. Ní féidir le heagraíocht níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh gach bliain ar Mhaoiniú Straitéiseach.
Foilseofar treoirlínte ar an leathanach dar teideal maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin i lár mhí an Mheithimh.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne.Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
Lean sinn ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe agus cúnaimh:
Twitter: @artscouncil_ie
Facebook: @artscouncilireland
Instagram: @artscouncilireland