|
Clinic Faisnéise Maoinithe don Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta Fógartha
Beidh Clinic Faisnéise Maoinithe ar siúl ar líne ag an gComhairle Ealaíon chun forléargas a thabhairt ar an Scéim píolótach um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta (STCI) Moltar d’eagraíochtaí ealaíne ar mhian leo iarratas a dhéanamh ar an scéim freastal ar an gclinic seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar chuspóirí STCI, na critéir lárnacha atá aici agus ar an bpróiseas cinnteoireachta. Is iad Davide Terlingo, Ceann Foirne na nEalaíon Idirnáisiúnta agus ball den fhoireann a bheidh i mbun an chlinic.
Léigh a thuilleadh >>
8 Rún maidir le Tiomsú Airgid d’Eagraíochtaí Ealaíona agus Cultúrtha in 2022
Agus an Bhliain Nua ag tosú, is am iontach é chun athmheas a dhéanamh ar straitéis thiomsaithe airgid maidir le d’eagraíocht ealaíona agus spriocanna don bhliain atá ag teacht. Chun cabhrú leat ar an mbealach, tá 8 Rún maidir le Tiomsú Airgid gur féidir le d’eagraíocht ealaíona a dhéanamh, forbartha ag an gClár RAISE, agus á sheachadadh ag O'Kennedy Consulting thar ceann na Comhairle Ealaíon a chabhróidh leat 2022 rathúil a bheith agat agus a rachaidh go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
Léigh a thuilleadh >>
Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh roimh Yvonne Mc Devitt mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe nuacheaptha le haghaidh na bliana 2022
Cómhaoiníonn an Chomhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, atá lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclannaíochta. Dearadh é le deis ar leith a thabhairt d’ealaíontóir iomráiteach scannán a chleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn agus d’fhoireann Scannánaíochta & Meáin Scáileáin, dul i ngleic go bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtais, le linn dó a bheith i mbun staidéir agus a rannpháirtíocht chultúrtha níos leithne i saol an champais.
Léigh a thuilleadh >>
Tá Colm Tóibín ainmnithe mar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2022-2024
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an painéal roghnúcháin Colm Tóibín a fhógairt le haghaidh Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2022-2024. Tá an Laureate á glacadh aige ó Sebastian Barry, a lean an Laureate bunaidh Anne Enright.
Léigh a thuilleadh >>
Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh roimh Chaitlín Nic Gabhann mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe nuacheaptha ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh don bhliain 2022
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Chaitlín Nic Gabhann, rinceoir, ceoltóir agus cumadóir a bhfuil cáil uirthi, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2022. Cuirfidh Caitlín sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus ranganna i láthair i rith a cónaitheachta bliana, ag tosú i mí Eanáir 2022.
Léigh a thuilleadh >>
Comhráití na hOíche Cultúir 2022 - deis do lucht eagraithe bualadh le chéile
Is imeacht náisiúnta í Oíche Chultúir agus ceiliúrann sí cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona agus déanann sí iarracht an tuairim a chur chun cinn go gníomhach go bhfuil cultúr atá idir shaibhir agus éagsúil beo, luachmhar agus á chothú i saol daoine, inniu agus gach lá.
Léigh a thuilleadh >>
Imeachtaí i Mí Feabhra - In the Open / Faoin Spéir
Clár arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon is ea In the Open | Faoin Spéir a forbraíodh mar fhreagra ar ghéarchéim COVID-19 le haghaidh na bliana 2021. Mar chuid den chlár, leanfar de bheith ag cur réimse d’imeachtaí ealaíon éagsúil amuigh faoin aer ar bun i spásanna poiblí ar fud na hÉireann.
Léigh a thuilleadh >>
Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’: ag infheistiú go cruthaitheach i ndaoine agus in áiteanna.
Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon agus an Rialtas Áitiúil an tríú comhdháil dhébhliantúil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ ar an 24 agus 25 Márta 2022 in Ionad Ealaíon VISUAL i gCeatharlach.
Spreagfaidh an chomhdháil eagraíochtaí san earnáil phoiblí, lucht déanta polasaí, eagraíochtaí ealaíona agus ealaíontóirí chun tuiscint a bheith acu ar conas gur féidir linn féachaint ar ár infheistíocht i ndaoine agus in áiteanna go cruthaitheach agus go comhoibríoch.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
Gairmeacha Oscailte 2023 (ART: 2023)
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon dátaí iarratais agus eolas le haghaidh Gairmeacha Oscailte 2023.
Mar fhreagra ar an gcéim dheiridh de Dheich mBliana na gCuimhneachán, tá clár náisiúnta, Ealaíon 2023 beartaithe ag an gComhairle Ealaíon, gairm oscailte ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon, chun ionadh a chur orainn agus chun an stát a athnuachan.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Babhta 2, 2022
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 24 Márta, 2022 ag 5.30 i.n.
Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 22 Feabhra 2022 ar aghaidh
Léigh a thuilleadh >>
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile 2022
Is é an spriocdháta don dámhachtain seo 5:30 p.m. an Déardaoin 14 Aibreán 2022.
Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 15 Márta 2022 ar aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
DÓLO
Tá an-áthas ar fhoireann DÓLO sonraí faoi dheiseanna maoinithe tríd an Dámhachtain Coimisiún, trí Scéim Ensembles na nÓg agus trí na scéimeanna cónaitheachta DÓLO a roinnt.
Mar is gnáth, má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil leis an bhfoireann DÓLO chomh luath agus is féidir. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag ypce@artscouncil.ie
Léigh a thuilleadh >>
Áiteanna Ildánacha
Is clár de chuid na Comhairle Ealaíon é Áiteanna Ildánacha le haghaidh áiteanna timpeall na hÉireann nach bhfuair an deis tairbhe a bhaint as infheistíocht leanúnach sna healaíona agus sa chruthaitheacht.Beifear ag glacadh le hiarratais don chéad bhabhta eile d’Áiteanna Ildánacha ón 1 Márta agus is é Déardaoin 31 Márta, 5.30 i.n an spriocdháta lena n-aghaidh.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
Ceardlann ar Iarratas um Thionscadail Chomhoibrithe
Beidh ceardlann iarratais ar siúl ag an Oifig Cultúir d’iarratasóirí féideartha don Ghairm Chomhoibrithe. Beidh caint ó iarratasóir rathúil maidir le conas ar leag sé/sí a t(h)ionscadal cultúrtha amach ó thaobh ghníomhachtaí, bainistíocht tionscadal agus buiséadú de. Déanfaimid mionscrúdú ar na cáipéisí iarratais agus déanfaimid tú a threorú tríd an bpróiseas.
Léigh a thuilleadh >>
|
|
|
|
|