Tús Eolais ar Bheartas agus Straitéis na Comhairle Ealaíon le haghaidh Ionad Ealaíon 2019
Mar bhealach chun a n-oibleagáidí féin a shonraítear ina straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, a chomhlíonadh, d’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon a Beartas agus Straitéis le haghaidh Ionad Ealaíon 2019 is féidir a úsáid chun iarratais ar mhaoiniú in 2020 a shainiú.
Tarraingítear ar roinnt de na moltaí a tháinig chun cinn san Athbhreithniú sa Bheartas agus Straitéis seo, ar féidir leis an gComhairle Ealaíon iad a chur i bhfeidhm ina clár maoinithe féin.
Bhí an t-athbhreithniú seo mar bhonn eolais dár n-uaillmhian chomhroinnte leis an rialtas áitiúil chun acmhainní a fháil le cuidiú le forbairt bonneagar d’ionaid ealaíon inbhuanaithe, a bhainistítear go gairmiúil, ar mhaithe le saothair a bhfuil nasc díreach acu lena bpobail, a tháirgeadh.
Tá príomhghnéithe an Bheartais agus na Straitéise ag brath ar an gcoinníoll go bhfaighidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú breise suntasach ón rialtas láir i gCáinaisnéis 2019. Mar chuid de na príomhghnéithe seo tá infheistíocht bhreise dhíreach ón gComhairle Ealaíon chun táirgeadh réigiúnach a fhorbairt agus chun tacú le healaíontóirí.
Beartas agus Straitéis na Comhairle Ealaíon le haghaidh Ionad Ealaíon 2019