Le Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath agus CREATE, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach in Éirinn, mar chuid de Chlár Comhpháirtíochta na nEalaíon Comhoibríoch arna mhaoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach.
Buiséad an Choimisiúin: €50,000
Láthair: Lárchathair thuaidh Bhaile Átha Cliath/Cearnóg Pharnell timpeall air - Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath
Spriocdháta: 27 Eanáir 2017
Tá an-áthas ar Ghailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath agus Create, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach in Éirinn, an deis ollmhór seo a fhógairt d’ealaíontóir (ealaíontóirí) chun taighde a dhéanamh ar mhórchoimisiún nua le haghaidh Earrach 2018 agus é a sheachadadh. Beidh an coimisiún seo ar siúl ó 2017 go 2018 agus is é is aidhm leis rannpháirtíocht bhríoch agus dhomhain a spreagadh le pobail áite agus suime chomh maith le tírdhreach sainiúil ailtireachta, sochpholaitiúil agus cultúrtha Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath. Díreoidh an coimisiún ar chleachtas ealaíon comhoibríoch pobalghníomhach agus tá sé oscailte d’ealaíontóirí agus / nó do chomhghrúpaí ealaíon a rugadh nó atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sa Spáinn, san Fhionlainn, san Ungáir nó sa Ghearmáin, (tíortha comhpháirtíochta laistigh de Chlár Comhpháirtíochta na nEalaíon Comhoibríoch).
Áireofar ar phróiseas an choimisiúin tréimhse taighde agus an deis saothar nua a fhorbairt i gcomhair le pobail áitiúla agus nua sa cheantar máguaird/comharsanachta ina bhfuil Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath lonnaithe. Beidh an coimisiún ar siúl in dhá chéim - an Snáithe Taighde agus Forbartha i Márta/Aibreán/Bealtaine 2017 agus an Snáithe Táirgthe Meitheamh 2017 – Meitheamh 2018.
Ba cheart go mbeadh cuntas teiste agus taithí ag na healaíontóirí ar a bheith ag obair sa réimse um chleachtas ealaíon comhoibríoch pobalghníomhach. Ba chóir dóibh a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil luí agus tuiscint acu ar chastachtaí an cheantair áitiúil. Cuirimid fáilte faoi leith roimh thograí ina mbreathnaítear ar bhealaí éagsúla le bheith gníomhach leis an bpobal agus an lucht éisteachta/féachana araon.
An Próiseas Iarratais:
Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí aonair nó comhghrúpaí ealaíontóirí a dtograí a chur isteach chuig Create ag info@create-ireland.ie faoi 17.00 GMT an 27 Eanáir 2017 Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar i ndiaidh an dáta seo.
Tá sonraí ar conas iarratas a dhéanamh ar fáil ag www.create-ireland.ie nó www.hughlane.ie