IMEACHTAÍ MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR
MAKING IRELAND MODERN
John McLaughlin Architects agus Gary A. Boyd
13 Deireadh Fómhair – 12 Samhain 2016
Ardán Earlsfort, Baile Átha Cliath
Déantar iniúchadh in Making Ireland Modern ar an ngaol idir ailtireacht, bonneagar agus teicneolaíocht nuair atá náisiún nua á thógáil. Cuirtear deich gcinn d’eipeasóidí bonneagair i láthair sa taispeántas – Séanadh, Leictreachas, Sláinte, Iompar, Teilifís, Eitlíocht, Oideachas, Teileachumarsáid, Mótarbhealaí, Sonraí – ag dul thar thréimhse céad bliain ó 1916-2016. Déantar cur síos in Making Ireland Modern ar ról na hailtireachta chun féiniúlacht fhisiceach agus chultúrtha an stáit nua a chlaochlú trína hidirsheisiún i ngnáthshaol a phobail.
Tionscadal Camchuairte is ea Making Ireland Modern mar chuid de EALAÍN: 2016. Cuireadh i láthair i dtosach é mar Infra Éireann – Making Ireland Modernag Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta 2014 – La Biennale di Venezia. Tionscnamh de chuid Chultúr Éireann agus na Comhairle Ealaíon is ea Éire sa Veinéis.
Tuilleadh eolais: www.makingirelandmodern.ie
THE CASEMENT PROJECT
Fearghus Ó Conchúir
13 Deireadh Fómhair 2016
Butterflies and Bones: The Casement Project
MAC, Béal Feirste
20–22 Deireadh Fómhair 2016
Butterflies and Bones: The Casement Project
Project Arts Centre, Baile Átha Cliath
Damhsaíonn The Casement Project le corp aerach Ruairí Mhic Easmainn, ridire de chuid na Breataine, reibiliúnach Éireannach, agus daonnúlach idirnáisiúnta, chun comhlacht náisiúnta a shamhlú a chuireann fáilte roimh an strainséir ón teorainn, chomh maith leis an té atá ar an taobh eile cheana féin. Bíonn an chóiréagrafaíocht seo idir comhlachtaí agus smaointe le Fearghus Ó Conchúir, cóiréagrafaí, ar bun thar theorainneacha náisiúnta agus áirítear leis léiriú stáitse, féile cheiliúrtha damhsa, gearrscannán, siompóisiam acadúil agus sraith imeachtaí rannpháirteacha chun dul i ngleic le hoidhreacht 1916.
Tuilleadh eolais: www.thecasementproject.ie
HEED FM 94.3
Garrett Phelan
22 Deireadh Fómhair–18 Samhain 2016
Craoladh Poiblí:
HEED FM 94.3 (Baile Átha Cliath amháin)
DAB/DAB+ (Baile Átha Cliath agus Corcaigh amháin)
www.heedfm.com (beoshruth ar líne)
Beidh an stáisiún ar siúl ceithre uair an chloig is fiche, seacht lá na seachtaine ar feadh fiche a hocht lá.
Portráid anaithnid fuaime fiche a hocht lá is ea HEED FM a cruthaíodh trí chomhráite duine le duine agus trí chomhráite grúpa i mBaile Átha Cliath le daoine idir 18–25 bliain d’aois as gach cúlra.
Cuirtear glúin i láthair sa phortráid fuaime nach minic a chloistear a cuid tuairimí agus creideamh sa réimse poiblí agus a bhfuil easnamh abhcóideachta ar a son ann. Diúltaíonn HEED FM do réamhchlaontaí agus déanann sé an ghlúin seo a dhí-íogrú gan breithiúnas a thabhairt. Tugann sé deis dóibh siúd a ghlac páirt ann uaillmhianta agus rudaí ar spéis leo a chur in iúl.
Tuilleadh eolais: www.heedfm.com
THESE ROOMS
CoisCéim Dance Theatre agus ANU Productions
Ar siúl go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2016 mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath
Síneadh curtha leis: 23 Deireadh Fómhair – 13 Samhain 2016
Ionad: 85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Léiriú beo pearsanta is ea These Rooms, comhshaothar tábhachtach nua idir ANU agus CoisCéim Dance Theatre, ina ndéantar an damhsa comhaimseartha, an téatar agus an amharc-ealaín a thrasphailniú. Tá an saothar bunaithe ar theagmhas stairiúil, a tharla ar Shráid an Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath in Aibreán 1916. Tarraingíonn These Rooms lucht féachana isteach sna himeachtaí a tharla céad bliain ó shin, déantar iniúchadh ann ar éirí amach 1916 ó pheirspictíocht sibhialtach ar chuir an choimhlint isteach ar a dtithe agus ar a saol agus tionchar tubaisteach aige.
Ceanglaíonn These Rooms fianaise fhinnéithe ó ocht mbean déag is fiche le torthaí an fhiosrúcháin a rinne an rialtas ina dhiaidh sin agus a eisíodh le déanaí, agus déantar imscrúdú ar cheisteanna a bhaineann le dínit agus tráma, muintearas agus díshealbhú. Is taibhiú fisiceach corpraithe gan scáth é, a dhíríonn ar éifeachtaí na coinbhleachta ar shaolta gnáthdhaoine agus ina n-athdhearbhaítear ról na healaíne agus an stair á caibidliú.
TáThese Rooms á chomhchoimisiúnú ag 14–18 NOW: Coimisiúin Ealaíne Chomóradh Céad Bliain an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Tuilleadh eolais agus sonraí áirithintí:
www.theserooms.ie
www.dublintheatrefestival.com
Chun tuilleadh eolas a fháil faoi thionscadail EALAÍN: 2016 uile, téigh chuig www.artscouncil.ie/Art-2016