Príomhchláir Maoinithe Ioncaim: Spriocdháta d’iarratais luatha
 |
Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon le hiarratais ar na príomhchláir deontais ioncaim le haghaidh 2017 idir an 19 Iúil 2016 agus an 8 Meán Fómhair 2016
I mbliana, tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt an spriocdháta d’iarratais ar na príomhchláir maoinithe ioncaim 2017 ceithre seachtaine chun tosaigh. Tá seo á dhéanamh ionas go bhfaighidh iarratasóirí cinntí go luath maidir le maoiniú le haghaidh 2017.
Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon le hiarratais ar na príomhchláir deontais ioncaim le haghaidh 2017 idir an 19 Iúil 2016 agus an 8 Meán Fómhair 2016, rud a fhágann go mbeidh seacht seachtaine ag daoine le cur isteach orthu. Cuimhnigh nach mbeidh an Chomhairle Ealaíon in ann glacadh le hiarratais tar éis 5.30i.n. an 8 Meán Fómhair 2016.
Eiseofar cinntí maoinithe maidir le hiarratais ioncaim le haghaidh 2017 faoi dheireadh mhí na Samhna 2016.
Cuirfear tuilleadh sonraí agus an t-eolas is déanaí ar fáil i nuachtlitreacha amach anseo agus ar www.artscouncil.ie
|