Is mí ghnóthach i gcónaí i gcúrsaí ealaíon í mí na Bealtaine, agus tá clár iomlán oibre cheana féin ag an gComhairle Ealaíon le haghaidh an chéad chúpla seachtain eile. Rud amháin cinnte a tharraingeoidh aird an mhí seo ná go bhfuil an chéad Laureate na nÓg eile le fógairt; tógfaidh an Laureate nua an gradam ó Eoin Colfer, a bhí thar cionn agus a d’oibrigh leis na mílte duine óg sa ról a bhí aige le dhá bhliain anuas.
Is mian liomsa rud éigin faoi leith a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí ealaíon a mhaoinímid trí na príomhchláir deontais ioncaim dár gcuid. I mbliana, táimid ag tabhairt an spriocdháta d’iarratais ar na príomhchláir maoinithe ioncaim 2017 ceithre seachtaine chun tosaigh. Tá seo á dhéanamh ionas go bhfaighidh iarratasóirí cinntí faoi dheireadh mhí na Samhna maidir le maoiniú le haghaidh 2017.
Glacfar le hiarratais ar ár bpríomhchláir deontais ioncaim an 19 Iúil 2016 go dtí 5:30pm an 8 Meán Fómhair 2016, rud a fhágann go mbeidh seacht seachtaine ag daoine le cur isteach orthu. Mar a tharlaíonn i gcónaí, mholfainn d’eagraíochtaí gan é a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh, ar eagla na heagla.
Tá an obair ar ár straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, agus an chéad phlean forfheidhmithe trí bliana ag leanúint ar aghaidh. Táimid i mbun cainte anois lenár gcomhghleacaithe laistigh den earnáil agus go deimhin lasmuigh di chun iniúchadh a dhéanamh ar phríomhthéamaí ónár straitéis, agus tabharfaidh siad sin treoir dár gcuid smaointeoireachta agus muid ag dul ar aghaidh leis an gcéad cheann de na pleananna trí bliana. Foilseofar plean 2017-2019 i mí Iúil.
Idir an dá linn, tá áthas orm a rá, gur tugadh freagra an-láidir ar Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh – Gairm Oscailte go dtí seo. Bhí an t-éileamh iomlán níos mó ná €16 mhilliún, agus measaim go léiríonn sé sin ní amháin uaillmhian earnáil ealaíon na hÉireann, ach an cumas iontach fáis a bhaineann léi freisin. Fógróimid níos déanaí an mhí seo comhdhéanamh an ghiúiré idirnáisiúnta, agus táim ag tnúth le cinntí an ghiúiré sin.
Le dea-mhéin,
