Breac síos an dáta: Lá Líonraithe CREATE le haghaidh na nEalaíon Comhpháirteach
 |
Beidh Lá Líonraithe bliantúil CREATE ar siúl i mbliana ar an 30 Samhain. Gheofar léargas ríshuimiúil ann ó chainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chleachtas ealaíon pobalghníomhach. Ar an lá, beidh deis ag ealaíontóirí den uile chineál páirt a ghlacadh i gcomhphlé saibhir maidir le cur chuige agus cleachtais éagsúla i leith na comhoibre. Lá líonraithe agus comhroinnte le haoi-ealaíontóirí Dáta: 30 Samhain Láthair: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8 Am: 10.00 – 18.00 Costas: 12 euro (lón san áireamh) NB: Imeacht saor in aisce é seo do bhaill CREATE. Díreoidh CREATE i mbliana ar cheist chasta na tacaíochta don chleachtas comhoibríoch. Cén chaoi a gcuireann comhlachtaí coimisiúnaithe obair chomhoibríoch fhadtréimhseach san áireamh, próiseas a tharraingíonn daoine agus áiteanna isteach go díreach ann? Cén chuma a bheadh ar na creataí institiúideacha ab fhearr a thacódh leis an gcleachtas comhoibríoch? Beidh deis ag an lucht freastail teacht le chéile lena bpiaraí, caidreamh a dhéanamh le haoi-ealaíontóirí speisialta (nach mbeifear á bhfógairt roimh ré!), agus eolas praiticiúil agus inspreagadh a fháil ó chomhthionscadail bhríomhara ealaíon a cruthaíodh anseo in Éirinn agus thar lear. Le haghaidh tuilleadh eolais nó áirithint a dhéanamh, féach ar create-ireland.ie nó glaoigh ar Jane O’Rourke ag 01-4736600.
 |
|