An Eoraip Chruthaitheach_Béim ar Ailtireacht
 |
Déardaoin, 10 Meitheamh 2021
11am-12.30pm (GMT)
Cláraigh don imeacht seo anseo, le do thoil.
Bí linn le haghaidh ár nImeacht Ailtireachta a bheidh á óstáil ag Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire - Oifig Cultúir.
Féachfaimid san imeacht seo ar an bhfuinneamh agus ar an mbéim maidir leis an ailtireacht agus gairm bheatha an ailtire sa chlár nua, an Eoraip Chruthaitheach 2021-2027. Cloisfimid ó Hughes Becquart, Oifigeach Beartais ón Stiúrthóireacht um Chultúr agus um Chruthaitheacht, Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir sa Choimisiún Eorpach, a fhéachfaidh freisin ar fhorbairtí beartais atá ag eascairt as sainghrúpa na mBallstát AE a dhíríonn ar Ailtireacht agus Timpeallacht Thógtha ar Ardchaighdeán do Chách.
Cloisimid freisin faoin nGluaiseacht Bauhaus Nua san Eoraip agus faoi shlite inar féidir le heagraíochtaí Éireannacha a bheith páirteach sa phróiseas corraitheach seo. Féachfaimid ar ailtirí Éireannacha a ainmníodh don ghradam mór le rá, Duais an Aontais Eorpaigh don Ailtireacht Chomhaimseartha, Gradam Mies Van der Rohe.
Cloisfimid freisin ó Fhionnuala Sweeney, Ceann na Scannánaíochta agus na hAiltireachta ag an gComhairle Ealaíon, faoi ról na Comhairle Ealaíon san ailtireacht agus faoina tacaíochtaí do chleachtas cruthaitheach ailtirí.
 |
|