Nuair a chuimhníonn daoine ar na healaíona, is minic a thagann saothair ealaíne – dráma, leabhar, ceolchoirm, taispeántas, taibhléiriú nó saothar a rinne siad féin fiú chun cuimhne.
Ní mór don Chomhairle Ealaíon, mar ghníomhaíocht a dhéanann forbairt ar na healaíona, dul i ngleic leis na cúinsí éagsúla a bhaineann le saothar a chruthú, timpeallacht iomlán na n-ealaíon. Mar chuid de seo, ar ndóigh, aithnímid gur gnólachtaí iad eagraíochtaí ealaíne, a bhfuil daoine gairmiúla ina mbun, agus go bhfeidhmíonn siad faoin gcreat dlíthiúil agus faoin gcreat rialála céanna a bhíonn i gceist le gnólachtaí eile.
Agus mar gheall air sin, cuirimid tacaíochtaí éagsúla ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne agus d’ealaíontóirí.
Moltar d’eagraíochtaí ealaíne dea-chleachtais a chur i bhfeidhm i réimsí eile freisin, amhail cosaint leanaí agus leas leanaí , le go mbeidh eagraíochtaí in ann a chinntiú go bhfuil cur chuige cothrom le dáta in úsáid acu.
I gcás eagraíochtaí nó ealaíontóirí a mbíonn baint ag ainmhí nó ainmhithe lena gcuid oibre a chur i láthair, tá treoir ar fáil ag an nasc thíos.
Táimid meáite ar thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí cultúr a bhfuil dínit agus meas ann a fhorbairt agus a chothú san áit oibre. Chuige sin, cuirfimid sraith seisiún eolais ar siúl ar fud na tíre an mhí seo d’eagraíochtaí ealaíne agus do dhaoine aonair a bhfuil baint acu leis na healaíona – tá tuilleadh eolais ar fáil sa nuachtlitir.
Ar ndóigh, cuirimid tacaíocht shaincheaptha ar fáil d’eagraíochtaí ealaíne agus d’ealaíontóirí ar fud na tíre tríd an tacaíocht a thugaimid d’eagraíochtaí acmhainní freisin.
Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon roinnt seisiúin faisnéise chun tacú le daoine iomchuí in eagraíochtaí ealaíon atá freagrach as dínit agus ómós ag an obair agus bulaíocht agus ciapadh a chosc d’oibrithe.
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon go bhfuil sí chun a comhpháirtíocht le Music Generation a athnuachan, ag infheistiú €530,000 eile sa chlár ó mhí na Samhna 2017 go dtí mí na Nollag 2020. Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh le céad chéim na comhpháirtíochta (2013–2016), leanfaidh an maoiniú sin ag cur comhthosaíochtaí straitéiseacha an dá eagraíocht i gcrích.
Tá an conradh á chur ar fáil ar feadh tréimhse bliana. Féadfaidh an Chomhairle Ealaíon síneadh a chur leis an gconradh ar feadh dhá thréimhse bhreise nach mó ná aon bhliain amháin an ceann.
Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán maidir leis an dréachtsonraíocht nua le haghaidh Ealaín na hArdteistiméireachta. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé Luain, 26 Márta go dtí Dé hAoine, 18 Bealtaine 2018.
Tá iarratais á lorg ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin), atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 3 Bealtaine 2018 ar 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 3 Aibreán 2018 ar aghaidh.
Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar saothar ar ardchaighdeán ealaíne a fhorbairt, agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta a dhéanann teagmháil leis an bpobal, rud a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar an máistir-rang deireanach sa tsraith anois. Dírítear leis an rang seo ar ealaíontóirí atá ag dul i ngleic leis an bhfisiciúlacht agus leis an ionchollú chun taispeántais mealltacha bríomhara a mbeidh eispéireas i bpáirt i gceist leo a dhéanamh. Úsáidfear maisc agus feisteas bobaide mar uirlisí chun leochaileacht an taibheora a mhúscailt ann.
Dé hAoine, 25 Bealtaine, óstálfaidh Words Ireland cruinniú náisiúnta do scríbhneoirí ag IMMA i gcomhpháirtíocht le Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath