Deiseanna do chóiréagrafaithe nua
Is é Aerowaves an t-ardán Eorpach damhsa a bhfuil comhpháirtithe aige i 33 tír. Tríd an ardán, sainaithnítear na saothair is fearr ó ealaíontóirí damhsa atá ag teacht chun cinn agus cuirtear na saothair sin chun tosaigh trí mheán léirithe trasteorann, a chuireann ar chumas na gcóiréagrafaithe nua damhsa úrnua a chur ar a súile do lucht féachana úrnua. Táthar sa tóir arís ar scór cóiréagrafaithe cumasach nua atá lonnaithe san Eoraip. Déan iarratas anois chun a bheith ar dhuine d’ealaíontóirí Twenty19 chun deis a bheith agat do shaothar a chur ar an gclár ag Spring Forward Festiveal an bhliain seo chugainn in Val de Marne (An Fhrainc). Bheadh deis ann freisin ag comhpháirtithe an líonra thú a chur ar a gclár. Dearbhaíonn na comhpháirtithe go mbeidh thart ar 100 deis léiriúcháin ann agus tugann Aerowaves tacaíocht do na léiriúcháin sin.
Déan iarratas roimh 14 Meán Fómhair. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.
|