Scéim Ensembles na nÓg 2017
 |
Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg Déardaoin, an 9 Feabhra 2017 ag 5.30p.m. Is é príomhchuspóir na dámhachtana sin ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir 12 agus 23 bliana d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, téatar, litríocht, na físealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó i ngrúpaí nó in ensembles. Is é an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €10,000. Féadfaidh tú féachaint ar ár bhfíseán ina roinneann iarratasóirí óga ar éirigh leo roimhe seo a dtaithí agus ina dtugann siad leideanna maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim. Chun na treoirlínte iomlána a íoslódáil agus tosú ar d’iarratas, féach ar http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Sceim-Ensembles-na-n-Og/ Is é an spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg Déardaoin, an 9 Feabhra 2017 ag 5.30p.m. Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis nua na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.
 |
|