Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil ar Mhargaíocht a dhéanamh ar na hEalaíona in Éirinn? D’eagraigh Lucht Féachana na nEalaíon seimineár gréasáin le déanaí le Eimear Faughnan ó Kantar Media agus Una Carmody ó Lucht Féachana na nEalaíon maidir leis an dá thuarascáil mhóra ó TGI (Target Group Index) – Marketing the Arts in Ireland (a foilsíodh i mí na Bealtaine) agus The Arts in Irish Life a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite. Bhí seasca duine páirteach ar an lá agus ghlac siad páirt ar Google Hangout agus ar YouTube. Is féidir na tuarascálacha agus ábhar gaolmhar a léamh anseo: http://tinyurl.com/onpyqgb Cliceáil anseo le FÉACHAINT AR AN SEIMINEÁR GRÉASÁIN ANOIS http://tinyurl.com/ovrlxnw CÉN FÁTH AR CHEART FÉACHAINT AIR?Má bhíonn tú ag plé le Margaíocht na nEalaíon, tabharfaidh an seisiún seo níos mó tuisceana duit ar Lucht Féachana na hÉireann, an chaoi a bhfeidhmíonn siad, cé hiad, cá bhfuil siad agus mórán nithe eile.
|