Tá Áras na Scríbhneoirí agus Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg tagtha le chéile arís chun Sparánacht coicíse iomlán maoinithe le haghaidh Scríbhneoir Cónaithe a thairiscint, a bheidh ar siúl in earrach na bliana 2019. Ainmníodh an dámhachtain in ómós Jack Harte, bunaitheoir Áras na Scríbhneoirí, mar chomóradh agus aitheantas don mhéid a rinne sé ar son litríocht na hÉireann.
I measc na ndaoine a fuair an chónaitheacht roimhe seo bhí:
2018: Neil Hegarty
2017: Henrietta McKervey
2016: Sarah Moore Fitzgerald
2015: Liz Nugent
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:
Seo gairm oscailte do scríbhneoirí atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann a bhfuil cuntas teiste cruthaithe acu agus leabhar ficsin nó gearrscéalta amháin ar a laghad acu foilsithe ag foilsitheoir aitheanta. Tabharfar tús áite do shaothair ficsin.
Conas iarratas a dhéanamh:
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin chuig opportunities@writerscentre.ie. Áirigh le do thoil:
- Litir chumhdaigh ina bhfuil do shonraí pearsanta agus léiriú intinne ealaíne, breac-chuntas soiléir achomair ar an tionscadal ar mhaith leat díriú air i rith do thréimhse in Eanach Mhic Dheirg.
- Curriculum Vitae cothrom le dáta (uasmhéid dhá leathanach A4) lena n-áirítear foilseacháin le ISBNanna.
- Samplaí de shaothar nua lipéadaithe go soiléir. Táimid ar thóir trí shampla ghearra ó shaothair dhifriúla (suas le 400 focal an ceann), chomh maith le sampla ó shaothar idir lámha a raibh sé beartaithe agat díriú air i rith na cónaitheachta (Uasmhéid 3 leathanach).
- Aon fhaisnéis ábhartha ar do thionscadal beartaithe cosúil le sleachta scríofa, grianghraif, faisnéis thaighde, etc.
Tabhair faoi deara: Comhlánaigh an doiciméadú ábhartha go léir i ndoiciméad Word amháin nó i gceangaltán PDF.
Spriocdháta an Iarratais: Dé Luain 17 Meán Fómhair ag 5pm.
Ní dhéanfar breithniú ar iarratais a gheobhaimid déanach. Cuirfear in iúl i ríomhphost go bhfuarthas na hiarratais.
An próiseas roghnúcháin:
Cuirfear na hiarratais faoi bhráid coiste roghnúcháin Bhord Áras na Scríbhneoirí agus ainmní as Ionad Tyrone Guthrie. Roghnóidh an painéal ó iarratais incháilithe amháin, mar sin déan cinnte go léifidh tú na critéir go cúramach agus go mbeidh aird agat ar an líon focal samplach a iarrtar.
Cuirfear an t-iarratasóir rathúil ar an eolas le litir faoi mhí na Samhna 2018. Fógrófar go poiblí buaiteoir na sparánachta ag ócáid cheiliúrtha i mí na Nollag 2018. Beidh an ócáid ar siúl ag Áras na Scríbhneoirí.