Teideal an Phoist:Comhaltacht Scríbhneora
Scoil/DámhScoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, Coláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Spriocdháta: Dé hAoine an 8 Lúnasa 2014
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoirí (agus béim faoi leith ar an bhficsean), arna maoiniú ag Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta agus trí chúnamh deontais ón gComhairle Ealaíon. Beidh an Chomhaltacht ar fáil don tréimhse Eanáir-Bealtaine 2015.
Iarrtar ar iarrthóirí litir chumhdaigh ina leagtar amach a spéis, mar aon le CV iomlán ina mbeidh sonraí faoina dtaithí teagaisc agus ina luafar ainmneacha agus sonraí teagmhála 2 mholtóirí, a chur isteach chuig: An tUasal Hilary Gow, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla a dhéanamh leis an Uasal James Ryan ag james.ryan@ucd.ie nó leis an Ollamh Anne Fogarty ag anne.fogarty@ucd.ie
Is féidir iarratais a sheoladh tríd an bpost chuig an seoladh thuas nó ar ríomhphoist chuig: hilary.gow@ucd.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas tráth nach déanaí ná 17.00 Dé hAoine, an 8 Lúnasa 2014.
FÁILTÍMID ROIMH IARRATAIS AR AN RÍOMHPHOST
FOSTÓIR COMHDHEISE IS EA AN COLÁISTE OLLSCOILE, BAILE ÁTHA CLIATH