Foráil do Sheirbhísí Bailiúcháin Ealaíne
 |
Is mian leis an gComhairle Ealaíon soláthróir seirbhíse (duine aonair nó comhlacht) ag a bhfuil an cháilíocht chuí a cheapadh chun seirbhísí bailiúcháin ealaíne a chur ar fáil chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh chaighdeán na seirbhíse agus sheachadadh na seirbhíse de. Ní mór d’fhorthairgeoirí tuiscint agus/nó taithí a léiriú ar pholasaithe agus nósanna imeachta bailiúcháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus ar bhailiúcháin a bhainistiú nó a mhaoirsiú freisin. Beifear ag súil gur chuir na fortháirgeoirí obair ar an scála céanna agus den chineál céanna i gcrích sa réimse seo cheana.
Cuirfear tairiscintí ar an gconradh seo isteach trí phróiseas tairisceana poiblí ar an suíomh idirlín soláthair eTender www.etenders.gov.ie. Ba cheart go gcuirfí tairiscintí isteach (tríd an mbosca poist etender) faoi mheán lae, an 15 Meán Fómhair 2017. Ba cheart aon cheist maidir leis an gconradh seo a chur faoi bhráid na saoráide ceisteanna agus freagraí ar www.etenders.gov.ie mar a leagtar amach san fhógra tairisceana seachas faoi bhráid na Comhairle Ealaíon.
 |
|