Glaoch ar iarratais: sparánacht doiciméadúcháin artsandhealth.ie 2018
 |
An bhfuil tú rannpháirteach i dtionscadal ealaíon agus sláinte? Ar mhaith leat do shaothar a thaispeáint do lucht féachana níos mó? Cuireann artsandhealth.ie fáilte roimh iarratais ar sparánacht €4000 chun gearrscannán, closchlár faisnéise nó foilseachán a dhéanamh maidir le tionscadal ealaíon agus sláinte.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí atá ag obair i socruithe cúram sláinte, ó ghairmithe cúram sláinte, ó eagraíochtaí/comhpháirtíochtaí ealaíon agus sláinte agus ó dhaoine eile atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus na sláinte.
Taispeánadh saothair na ndaoine a bhuaigh an sparánacht seo cheana ag féilte scannán náisiúnta agus ag comhdhálacha cúraim sláinte agus craoladh ar RTÉ iad.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an fhoirm iarratais a fheiceáil féach ar
http://www.artsandhealth.ie/2018/04/09/call-for-applications-artsandhealth-ie-documentation-bursary-2018/
Is é an spriocdháta le haghaidh na n-iarratas Dé Máirt, 5 Meitheamh 2018 ag a 5.00 p.m.
Tá sparánacht doiciméadúcháin artsandhealth.ie 2018 á maoiniú ag FFS agus ag an gComhairle Ealaíon.
www.artsandhealth.ie
 |
|