Luach Saothair don Ealaíontóir
 |
Trína straitéis, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú.
Tríd an mbeartas — Luach Saothair don Ealaíontóir — a fhoilsiú tógaimid ar an tiomantas sin trí fhís agus plean a leagan amach chun athrú dearfach a chruthú sa tréimhse 2020–2022.
Déanaimid iarracht timpeallacht a chruthú inar féidir le healaíontóirí saothar barr feabhais a dhéanamh ina léirítear uaillmhian agus ina bhfaighidh siad luach saothair cuí.
Cuirtear in iúl sa bheartas seo ár dtiomantas agus ár seasamh i dtéarmaí croíluachanna. Cuirtear sraith prionsabal don chleachtas is fearr ar fáil ann agus ba cheart dóibh siúd ar fad a oibríonn sna healaíona a bheith ag dréim leo siúd. Maítear ann ár n-ionchais dóibh siúd a mhaoinímid, a n-oibrímid leo agus maidir linn féin. Pléitear a ndéanaimid trí shraith gníomhartha a leagan amach a dtabharfaimid fúthu i réimsí an taighde, na ngníomhaíochtaí forbartha, riachtanais a bhaineann le maoiniú agus abhcóideacht.
Tá an beartas ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo.
Nó lean #paytheartist
 |
|