Beidh an Chomhairle Ealaíon ag reáchtáil clinicí ar líne an 23 agus 26 Aibreán 2021 le forbhreathnú a chur ar fáil ar an tionscnamh Scoileanna Ildánacha agus le faisnéis a sholáthar faoin gcaoi iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2021, a dhúnfar le haghaidh iarratas an 6 Bealtaine 2021. Reáchtálfar na clinicí d’ionadaithe Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna, Scoileanna Speisialta agus Ionaid Ógtheagmhála ar spéis leo a bheith rannpháirteach i Scoileanna Ildánacha ó Mheán Fómhair 2021.
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Tar éis próisis iomaíoch, meaitseálfar scoileanna/ionaid rannpháirteacha le Comhlach Cruthaitheach a oibreoidh leo chun anailís a dhéanamh ar a rannpháirtíocht reatha leis na healaíona agus leis an gcruthaitheacht. Agus é seo á úsáid, cruthaíonn gach scoil/ionad Plean Scoileanna Ildánacha inbhuanaithe ina dtarraingeofar ar raon deiseanna sa scoil/ionad agus sa phobal níos leithne.
Reáchtálfar mar seo a leanas na clinicí faisnéise ar líne:
Dé hAoine 23 Aibreán 2021 11:00 – 12.00
|
Clinic Ghaeilge do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileannaClárú anseo
|
Dé hAoine 23 Aibreán 2021 15:30 – 16.30
|
Clinic Bhéarla do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Clárú anseo
|
Dé Luain 26 Aibreán 2021 11.00 – 12.00
|
Clinic Bhéarla do Scoileanna SpeisialtaClárú anseo
|
Dé Luain 26 Aibreán 2021 15:30-16.30
|
Clinic Bhéarla do na hIonaid ÓgtheagmhálaClárú anseo
|
Clárú
Eagraítear clárú chun freastal ar na clinicí ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce, agus dúnfar an clárú Dé Céadaoin 21 Aibreán 2021.
Le haghaidh treoirlínte le hiarratas a dhéanamh, agus faisnéise faoin gclár Scoileanna Ildánacha féach anseo