Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas trína clár ealaíne poiblí do 2016-2019, IN CONTEXT 4 - IN OUR TIME, ó ealaíontóirí agus ó chleachtóirí ealaíne le bheith páirteach sa clár spreagúil coimisiún seo.
Tá mar aidhm le IN CONTEXT 4 - IN OUR TIME clár ealaíne poiblí a fhorbairt a bheidh ina lárphointe agus ina chatalaíoch don athrú. Clár trína gcruthófar naisc agus comhoibriú idir limistéir eile an chontae agus idir ealaín agus daoine.
Trí IN CONTEXT 4 - IN OUR TIME, deimhneofar ‘ról an ealaíontóra mar shaoránach’ agus ‘ról an ealaíontóra mar cheannaire’ trí iarraidh ar ealaíontóirí todhchaí a spreagadh don Chontae a bhaineann le mórtas ceantair, le baint leis an bpobal, agus le feasacht shibhialta. Ba mhaith linn go ndéanfadh an clár seo machnamh ar stair an chontae, go mbeadh feasacht ann ar chineálacha éagsúla lucht féachana agus éisteachta, éagsúlacht, agus go ndéanfaí iniúchadh ann ar an mbarr feabhais i ngach disciplín ealaíne agus foirm ealaíne.
Spriocdháta: 12pm Dé hAoine, an 2 Nollaig 2016.
Íoslódáil an Treoir d’Ealaíontóirí agus na Téarmaí agus Coinníollacha anseo
IN CONTEXT 4- IN OUR TIME: Lá Faisnéise – 19 Deireadh Fómhair 2016
Reáchtálfar cruinniú faisnéise d’ealaíontóirí, scríbhneoirí, déantóirí scannán, ceoltóirí, stiúrthóirí ealaíne, coimeádaithe, léiritheoirí cruthaitheacha, grúpaí ealaíon agus cultúir, agus grúpaí pobail.
Déanfar cuir i láthair éagsúla agus reáchtálfar seisiún ceisteanna agus freagraí mar chuid lárnach den chruinniú seo. Is i RUA RED, Ionad Ealaíon Átha Cliath Theas, Tamhlacht a bheidh an cruinniú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Deireadh Fómhair 2016, ag 10.30am.
Déan teagmháil le info@incontext4.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.