Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an painéal roghnúcháin a fhógairt le haghaidh na chéad ócáide den Laureate i gcomhair ficsean Éireannach. Beidh an file Paul Muldoon ina chathaoirleach ar an bpainéal. Seo a leanas na daoine eile ar an bpainéal:
Paula Meehan (file, Ollamh Filíochta na hÉireann faoi láthair)
Blake Morrison (file, scríbhneoir ficsin, údar cuimhní cinn agus léirmheastóir liteartha)
Siobhán Parkinson (scríbhneoir saothair do pháistí, céad-Laureate na nÓg)
Deborah Treisman (Eagarthóir Ficsin, The New Yorker)
Juan Gabriel Vásquez (úrscéalaí, buaiteoir Dhuais Liteartha Idirnáisiúnta IMPAC Bhaile Átha Cliath, 2014)
Dúirt Ceann Litríochta na Chomhairle Ealaíon, Sarah Bannan: “Bhí sé fíorthábhachtach painéal roghnúcháin den chéad scoth a cheapadh don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach ar mhaithe le rath an tionscadail. Tá lúcháir orainn faoi mhianach ár gcéad phainéil. Tá daoine ar an bpainéal ó shaol na filíochta, ó shaol na litríochta do pháistí agus ó shaol an neamhfhicsin, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil daoine ó thíortha éagsúla againn. Ní thiocfadh linn iarraidh ar ghrúpa níos tuisceanaí agus níos cumasaí an cinneadh tábhachtach sin a dhéanamh. Cuirtear a neartmhaire agus a chumhachtaí atá ficsean Éireannach in iúl lena sásta atá siad a bheith páirteach.”
Déanfaidh an painéal roghnúcháin breithniú ar ghearrliosta ainmneacha a chinnfidh ionadaithe ón gComhairle Ealaíon, UCD, NYU agus The Irish Times i ndiaidh an ghlaoigh fhairsing ar ainmniúcháin i gcaitheamh an tsamhraidh.
Foilseofar liosta iomlán na n-ainmniúchán ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon Dé Luain an 20 Deireadh Fómhair.
Tiocfaidh an painéal roghnúcháin le chéile lena chinneadh a dhéanamh an 21 Samhain agus fógrófar an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach i mí Eanáir 2015. Tá níos mó faisnéise faoin Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus faoin bpainéal roghnúcháin le fáil anseo .