Faoi mar a ghéilleann an samhradh do thráthnónta an fhómhair, feiceann eagraíochtaí ealaíon agus ealaíontóirí ar fud na tíre torthaí a gcuid clárphleanála. Tá pléisiúr i ndán don lucht féachana agus tig leo a bheith ag súil le scoth na n-ealaíon, i ngach foirm, sna míonna amach romhainn. Tá an Chomhairle Ealaíon bródúil as tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na héiceolaíochta beoga sin. Níos tábhachtaí fós, tá creidiúint ollmhór tuillte acu siúd a chuireann saothar spreagúil ar fáil. Slat tomhais é ar thallann, ar theacht aniar agus ar dhiongbháilteacht an phobail ealaíon.
Tá Culturefox a bhfuil uasghrádú déanta air, agus a sheol an Chomhairle Ealaíon le déanaí, ina leagan nua den treoir imeachtaí ealaíon saor in aisce ar líne ar bhain an dúrud eagraíochtaí agus daoine úsáid aisti le roinnt blianta anuas. Agus é athdheartha go hiomlán, cabhróidh Culturefox le daoine ar fud na tíre teacht ar imeachtaí ealaíon agus cultúir den scoth in aice leo trína shonraíochtaí teicniúla ar luas lasrach agus trína dhearadh soiléir glan. Anuas ar leas a bhaint as ard-inniúlachtaí grianghrafadóireachta agus físeáin chun blaiseadh a fháil den eispéireas atá le fáil, agus raon gnéithe nua, lena n-áirítear cuardach sofaisticiúil, féadann úsáideoirí Culturefox é a chur in oiriúint go speisialta dóibh féin. Má dhéanann siad leabharmharcáil ar imeacht spéise atá le teacht, gheobhaidh siad meabhrúchán ‘deiridh’ i bhfoirm ríomhphoist sula dtiocfaidh deireadh leis an imeacht. Is fusa teacht ar chláir ealaíon anois ná mar a bhí sé riamh anuas. Gabhaimid buíochas ar leith le Independent.ie as comhpháirtíocht a dhéanamh leis an gComhairle Ealaíon ar Culturefox, agus le Don Wycherley as an suíomh a sheoladh.
Is tábhachtach don Chomhairle Ealaíon na healaíona in Éirinn a cheangal leis an domhan mór. Mar sin de, is ábhar áthais é comhghairdeas a dhéanamh le Create, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach, as comhiarratas rathúil na hEorpa Cruthaithí le heagraíochtaí comhpháirtíochta Eorpacha eile. Tá an togra uaillmhianach le heagraíochtaí ealaíon sa Bhreatain, san Ungáir, sa Spáinn, san Fhionlainn agus sa Ghearmáin ina thogra ceannródaíoch d’eagraíocht ealaíon Éireannach, toisc gurb é seo an méid maoinithe is mó a fuarthas ó chistí cultúrtha Eorpacha do thionscadal faoi cheannas eagraíocht chultúrtha Éireannach. Bronnadh os cionn €1.4m ar an togra chun comhpháirtíocht ar fud na hEorpa a bhunú chun deiseanna gairmiúla agus oiliúint d’ealaíontóirí comhoibritheacha a bhreisiú. Cuirfidh an Clár Comhpháirtíochta Ealaíon COLLAB (CAPP) tús le clár trasnáisiúnta uaillmhianach le seachadadh thar thréimhse 46 mí.
Ar deireadh, críochnóidh glacadh na n-iarratas de chuid na Comhairle Ealaíon, a tosaíodh an 9 Meán Fómhair, dár bpríomhchláir deontais airgid (i.e. Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, Maoiniú Bliantúil agus Deontais le haghaidh Clár Bliantúil) an 10 Deireadh Fómhair. Cuimhnigh nach mbeimid in ann glacadh le hiarratais tar éis 5.30pm an 10 Deireadh Fómhair 2014.
Le dea-mhéin,
Orlaith McBride
Stiúrthóir