Scoil Samhraidh Ealaíontóir sa Phobal 2022 maidir le hÉagsúlacht Chultúrtha agus Cleachtas Comhoibritheach
 |
Tá áthas ar Create agus Counterpoints Arts an cúigiú Scoil Samhraidh Scéim an Ealaíontóra sa Phobal maidir le hÉagsúlacht Chultúrtha agus Cleachtas Comhoibritheach a fhógairt. Tá Scéim an Ealaíontóra sa Phobal faoi bhainistiú Create thar ceann na Comhairle Ealaíon. Beidh an scoil samhraidh idirdhisciplíneach ó thaobh curaclaim agus comhdhéanamh rannpháirtithe, láithreoirí agus éascaitheoirí de i bhfoirm chónaitheachta a chumasaíonn cur chuige comhoibríoch ‘smaoinigh agus déan', ag baint úsáid as ceardlanna cruthaitheacha, cás-staidéir chriticiúla agus chomparáideacha, meantóireacht duine le duine agus aoi-chainteoirí idirnáisiúnta lena n-áirítear coimeádaithe, lucht déanta beartas agus gníomhaithe. Beidh an Scoil ar siúl ar feadh cúig lá i mí Iúil, agus osclófar iarratais go luath i mí na Bealtaine.
Tá níos mó le léamh faoin Scoil Samhraidh maidir le hÉagsúlacht Chultúrtha agus Cleachtas Comhoibritheach ar shuíomh gréasáin Create.
|