Tá an scéim atá á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bainistiú ag Arts & Disability Ireland dírithe go sonrach ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas ionas go mbeidh siad in ann saothar nua uaillmhianach a chruthú.
Tá trí shnáithe sa scéim ina n-áirítear Saothar Nua (dhá dhámhachtain suas le €8,000 an ceann), Meantóireacht (cúig dhámhachtain suas le €2,000 an ceann) agus Oiliúint (trí dhámhachtain suas le €1,000 an ceann). Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun tosaigh’ a thógáil ó thaobh raoin agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna.
Clinicí Faisnéise
Beidh clinicí faisnéise á n-óstáil ag Arts & Disability Ireland sna háiteanna seo a leanas: Gaillimh, Corcaigh, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Liatroim.
- Gaillimh, Dé Luain, an 27 Márta ag 3.00 p.m. i Halla na Cathrach
- Corcaigh, Dé Luain, an 3 Aibreán ag 3.00 p.m. in Eaglais Naomh Peadar
- Cill Chainnigh, Déardaoin, an 6 Aibreán ag 3.00 p.m. in Kilkenny Ormonde Hotel
- Baile Átha Cliath, Dé hAoine, an 7 Aibreán ag 2.00 p.m. in The Ark
- Luimneach, Dé Luain, an 10 Aibreán ag 2.00 p.m. i nDánlann Chathair Luimnigh
- Liatroim, Dé Céadaoin, an 12 Aibreán ag 2.00 p.m. in The Dock
Chun freastal seol RSVP chuig info@adiarts.ie
Is inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí atá gach ceann de na hionaid tionóil. Cuirfear ateangaireacht i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann agus téacs go teanga ar fáil ag clinic faisnéise Bhaile Átha Cliath an 7 Aibreán in The Ark.
Má tá aon riachtanais bhreise agat maidir le rochtain téigh i dteagmháil linn le do thoil.
An próiseas iarratais agus an spriocdháta:
Is féidir na foirmeacha iarratais, na treoirlínte agus na cáipéisí faisnéise uile a íoslódáil anseo: www.adiarts.ie/connect
Ní mór foirm iarratais chomhlánaithe, mar aon leis an ábhar tacaíochta uile, a chur chuig info@adiarts.ie faoi 5.00 p.m. an 4 Bealtaine 2017. Caithfear WeTransfer a úsáid.
Tuilleadh faisnéise:
Déan teagmháil le Arts & Disability Ireland ar 01 850 9002 nó cuir ríomhphost chuig info@adiarts.ie.
The application forms and guidelines are available in English on request.
Spriocdháta do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais: Déardaoin, an 4 Bealtaine 2017 ag 4.00 p.m.