Tá lúcháir ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear tar éis Mark O’Halloran a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) 2017–2018.
Is é is aidhm leis an gcónaitheacht, arna maoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir scáileáin a bhfuil gradam bainte amach aige/aici a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt freisin do mhic léinn oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá ag cleachtadh mar chuid dá gcúrsa staidéir.
Is é Mark O’Halloran an ceathrú healaíontóir scannáin a ceapadh sa ról agus leanann sé Carmel Winters, Gerard Stembridge agus Hugh Travers a bhí ina n-ealaíontóirí scannán cónaithe ag UCC ó cruthaíodh an ról in 2014, agus rath mór orthu go léir.
Ag labhairt di faoin gceapachán, dúirt Fionnuala Sweeney, Ceann Scannán ag an gComhairle Ealaíon: ‘Is mian leis an gComhairle Ealaíon tréaslú le Mark O’Halloran as a cheapachán mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC. Is saoi scríbhneoir scáileáin é Mark a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus neart taithí aige a chuirfidh sé lena ról ag UCC. Tá súil againn go dtabharfaidh an chónaitheacht seo an t-am agus an spás dó a chleachtas ilghnéitheach mar scríbhneoir a fhorbairt i dtimpeallacht chruthaitheach in UCC”.
Chuir an tOllamh Patrick O’Donovan, Ceann Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, UCC, fáilte mhór roimh an gceapachán. "Tá ríméad orainn ar fad anseo fáilte a chur roimh Mark O’Halloran chuig UCC mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe. Níl aon amhras ach go bhfuil neart buanna aige agus éachtaí déanta aige, agus tá súil againn go léir gur tréimhse shaibhir shásúil a bheidh ann dó chomh maith."
Beathaisnéis Mark O'Halloran
Is scríbhneoir agus aisteoir é Mark O’Halloran a bhfuil duaiseanna buaite aige. I measc na scannána scríobh sé tá Garage, Adam & Paul agus Viva, ar scannáin iad go léir a fuair aitheantas idirnáisiúnta. Tá saothair scríofa aige don teilifís (an tsraith teilifíse Prosperity) agus don téatar (Trade) chomh maith. Mar aisteoir, tá taithí aige leis na mórchompántais amharclannaíochta go léir in Éirinn, agus páirteanna aige i roinnt scannán, go háirithe mar dhuine de na laochra in Adam & Paul agus mar MPin History’s Future. Bhí páirteanna aige in The Guard, Calvaryagus Viva chomh maith.