Cuirimid tús leis an mí lenár siompóisiam, 2023: Iardhearcadh na Todhchaí, ina dtairgtear deis féachaint ar an ról atá ag an ealaín i gcomóradh ó bhliain samhlaithe 2023.
Ón bpointe seo sa todhchaí, seans gurb é 2016 an bhliain mhór i ndeich mbliana na gcomóradh. Beidh cuid mhaith de na healaíontóirí a rinne obair mhór mar chuid de EALAÍN:2016 inár dteannta ag an siompóisiam. Is é ealaín:2016 clár speisialta comórtha na Comhairle Ealaíon.
In EALAÍN:2016, bhíomar ag iarraidh clár a chruthú a chuir leis na scéalta oifigiúla foirmiúla, ach a chuir de dhroim seoil iad má bhí gá. Bhíomar ag iarraidh ardáin a chruthú le haghaidh peirspictíochtaí ealaíonta, a thabharfadh léargas luachmhar don phobal, cé nach stair inti féin í. D’iarramar ar ealaíontóirí saothar a chruthú le haghaidh pointe ama ar leith, agus an saol mar a bhí a ghríosú agus a léirmhíniú. Agus sin á dhéanamh le haghaidh lucht féachana, beidh tionchar aige ar an todhchaí agus beidh an todhchaí difriúil.
Leantar den phróiseas oscailte sin ina spreagtar ealaíontóirí freagairt le saothar uaillmhianach agus ar scála, le giúiré neamhspleách, agus is gné é dár dtacaíochtaí d’ealaíontóirí anois. Oidhreacht bhuan de Ealaín:2016 is ea an fonn atá orainn agus an cumas atá againn trínár straitéis nua Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh [LINK], bealaí nua inar féidir tacú le healaíontóirí a shamhlú, ár gcur chuige maidir le buiséadú a athrú agus níos mó deiseanna a chruthú le haghaidh nithe ‘eile agus éiritheacha’ trí fhéachaint ar phatrúin mhaoinithe nua in ionad na gceann a bhí riamh ann.
Tacóimid ag an am céanna, mar a gheallamar inár straitéis, le ról sainiúil agus tábhachtach an ealaíontóra sa tsochaí agus i mbeartas cultúrtha náisiúnta.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
An Stiúrthói