Agus muid ag baint taitneamh as samhradh na bhféilte, tá imeacht speisialta amháin eile le cur ar an bhféilire sin againn, cuirfear fáilte roimh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, Sebastian Barry agus Laureate na nÓg, Sarah Crossan, ag Féile Liteartha Iarthar Chorcaí áit a mbeidh siad ag comhrá le Alex Clark. Cuir do thicéid in áirithe anois tríd an nasc thíos.
Dáta: Dé Luain, an 15 Iúil
Am: 8:30pm
Ticéid: https://www.westcorkmusic.ie/events/2019/sebastian-barry-sarah-crossan/
Is é Sebastian Barry an dara Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir air go luath sa bhliain 2018.
Cuireann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagann sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. D’fhorbair an Chomhairle Ealaíon an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ó Ollscoil Nua-Eabhrac.
File agus úrscéalaí is ea Sarah Crossan. Fógraíodh í mar cúigiú Laureate na nÓg i mBealtaine 2018.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Tionscnamh é a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann agus á bhainistiú ag Leabhar Páistí Éireann. Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon an onóir chun cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar a thábhachtaí atá litríocht do pháistí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch.