Tá an Chomhairle Ealaíon chun sraith comhráití a chur ar siúl maidir leis an Oíche Chultúir sa Bhliain Nua, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Bíonn an Oíche Chultúir ar siúl i ngach baile beag agus sráidbhaile in Éirinn ó chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tús leis den chéad uair riamh i mBarra an Teampaill in 2006. Tuairiscíodh in 2019 go raibh fáil ag 400,000 duine ar fud na hÉireann ar 4,000 imeacht saor in aisce, agus é ar cheann de na dátaí náisiúnta is aitheanta agus is mó a mbítear ag súil leis i bhféilire chultúir na hÉireann. Beidh an Oíche Chultúir ar siúl den 15ú bliain in 2020 agus beidh sé ar siúl ar an Aoine, an 18 Meán Fómhair.
Tar éis cinnidh a rinneadh le déanaí an Oíche Chultúir a bhogadh chuig an gComhairle Ealaíon, tairgeann an tsraith comhráití seo fóram d’earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a gcuid rannpháirtíochta san imeacht náisiúnta a phlé agus deis a bheidh don Chomhairle Ealaíon éisteacht le smaointe agus le haon ábhar imní atá ar dhaoine. Reáchtálfar gach imeacht i gcomhar leis an údarás áitiúil ábhartha. Tar éis do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an ócáid a bhunú, tá ról suntasach ag na húdaráis áitiúla i bhforbairt na hOíche Cultúir go náisiúnta ó shin i leith.
Beidh na comhráití ar siúl ar na dátaí agus sna háiteanna seo a leanas:
Gaillimh - Dé Máirt, 28 Eanáir, 11rn go dtí 1in, Comhairle Chontae na Gaillimhe cláraigh anseo
Corcaigh - Dé Luain 3 Feabhra, 11rn go dtí 1in, Clayton Hotel cláraigh anseo
Baile Átha Cliath - Dé Céadaoin, 5 Feabhra, 3in go dtí 5in, Smock Alley cláraigh anseo
Ba cheart do na daoine a bheidh ag freastal clár ar na naisc Eventbrite atá tugtha. Táimid ag súil thú a fheiceáil.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó sinead.oreilly@artscouncil.ie